Thursday 15 February 2007

Tábhacht i gcónaí leis an ghuth neamhspleách

Tar éis a bhfuil de chaint agus de thuairimíocht ann faoi na páirtnéireachtaí a d’fhéadfaí a chur le chéile tar éis an olltoghcháin, is beag caint atá déanta go dtí seo ar na teachtaí neamhspleácha agus ar na roghanna a bheidh acu.
Tá an líon de theachtaí neamhspleácha a thoghtar ag méadú go leanúnach ó 1981 i leith agus ba mhinic cheana a bhí a nguth cinniúnach nuair a bhí rialtas á chur le chéile.
Le linn tréimhse na Dála seo, ba é an Dr. Liam Twomey an chéad duine a roghnaigh filleadh ar na páirtithe móra nuair a chuaigh sé le Fine Gael. Tugadh urlabhraíocht thábhachtach dó láithreach agus is dóigh gur féidir airgead a chur air go bhfuil aireacht geallta dó má thoghtar an “malairt comhrialtais”.
Le gairid, d’fhill teachta neamhspleách ghluaiseacht Blaney ar an bpáirtí as ar eascair sí nuair a chuaigh Niall Blaney le Fianna Fáil. Tá go leor a déarfadh nár cheart an scoilt idir muintir Blaney agus Fianna Fáil a bheith fágtha chomh fada – agus tuilleadh a déarfadh go bhfuil an páirtí i dTír Chonaill scriosta ag an scéal ar fad.
Taobh amuigh den tionchar a bheidh ag an socrú ar chúrsaí i nDún na nGall Thoir Thuaidh, tá ceist eile gur fiú a chur ag an tráth seo, mar atá, an bhfuil mórán eile den dream a d’fhág nó a ruaigeadh as Fianna Fáil ag breathnú go fonnmhar ar an bpáirtí mór?
Tá polaitíocht na hÉireann eisceachtúil mar go mbíonn sciar níos mó de theachtaí neamhslpeácha i bparlaimint na tíre seo ná mar a bhíonn i mórán tíortha eile. Go deimhin, is minic gur mó teachta neamhspleách a bhíonn sa Dáil ná mar a bhíonn in go leor de pharlaimintí eile na hEorpa le chéile.
Bhuaigh iarrthóirí neamhspleácha 14% den vóta agus faoi láthair, tá ceathrar déag de theachtaí neamhspleácha sa Dáil, an líon is airde ó bhí 1951 ann.
Chuaigh ochtar den cheathrar déag sin ar ais leis na páirtithe móra sa tréimhse Dála dár gcionn. An bhféadfadh a leithéid tarlú inniu?
Tá sé fógartha cheana féin ag beirt de na Teachtaí neamhspleácha – Mildred Fox agus Marian Harkin – nach mbeidh siad san iomaíocht san olltoghchán agus fillfidh na suíocháin sin ar na páirtithe móra.
Is dóigh ansin gur féidir an chuid eile den lucht neamhspleách a rangú de réir a gclaonadh i leith na bpríomhpháirtithe.
Is de bhunadh Fianna Fáileach Paudge Connolly, Beverley Flynn, Jackie Healy-Rae, James Breen agus Paddy McHugh. Is cosúil, go deimhin, go bhfuil iarrachtaí ar bun ag Fianna Fáil cuid acu a mhealladh ar ais nó a dtacaíocht a chinntiú, ar aon nós.
Deir siad ar fad go bhfanfaidh siad le toradh an olltoghcháin sula ndéanfaidh siad cinneadh faoi cé leis a dtacóidh siad mar thaoiseach. Tá an liosta siopadóireachta á réiteach acu ar fad agus is deacair a shamhlú go dtréigfidís Fianna Fáil.
Iar-theachta de chuid Fhine Gael é Michael Lowry agus déanann sé a dhícheall fanacht dílis don pháirtí cé gurb annamh a bhíonn sé páirteach i vótaí Dála níos mó. Is dóigh go dtacódh sé le Enda Kenny mar Thaoiseach.
Cá bhfágann sin an seisear eile?
Deir Tony Gregory agus Finian McGrath go scrúdóidh siad aon mholtaí a chuirfear faoina mbráid agus a thugann aghaidh ar riachtanais a gcuid dáilcheantar.
An clár polasaí a chuirtear os comhair na Dála a bheidh mar shlat tomhais ag Catherine Murphy, a deir sí, nuair a bheidh Taoiseach le toghadh.
B’fhearr leis an Dr. Jerry Cowley go bhfanfadh na teachtaí neamhspleácha le chéile agus brú a chur ar an rialtas mar mhionpháirtí iontu féin agus is beag seans go mbeidh aon ghean aige ar cheachtar den bheirt a mholfar le toghadh mar Thaoiseach.
Meastar gurb amhlaidh a bheidh ag Seamus Healy, a bhfuil cáineadh láidir déanta aige ar an rialtas agus ar an bhfreasúra, ó am go chéile.
Is féidir go mbeidh margáil go leor ar bun idir dáta an chomhairimh agus an lá a thiocfaidh an Dáil le chéile le Taoiseach a thoghadh. Ach céard faoin té a chaitheann a vóta sa mBealtaine seo chugainn d’iarrthóir neamhspleách? An mbeidh sé ag cuimhneamh ar cén rogha a dhéanfaidh an duine sin nuair a bheidh Taoiseach le toghadh? An gcuirfear an cheist ar iarrthóirí neamhspleácha céard a dhéanfaidh siad má bhíonn a gcuid tacaíochta ag teastáil?
B’fhéidir gurbh fhiú an cheist a chur – feictear domsa go bhféadfadh guth an teachta neamhspleách a bheith cinniúnach imbunú an chéad rialtas eile.

No comments: