Thursday 15 February 2007

Rátaí uisce ina cheist mhór

Ní raibh sé ag dul a bheith furasta don aon Bhall Tionóil atá ag an SDLP in Iarthar Thír Eoghain, Eugene McMenamin. Leis an bhorradh a bhí faoi Shinn Féin le tamall de bhlianta, bhí siad síos go dtí cuóta go leith agus ní raibh na haistrithe ag teacht chucu. Níor chuidigh an scoilt a bhí sa pháirtí sa chuid seo den chontae, go háirithe ar an Ómaigh, áit a raibh dhá dhream a bhí in adharca a chéile.
Caithfidh gur bhuille mór a bhí ann nuair a chuala sé go raibh beirt as an Ómaigh le seasamh ón choinbhinsiún, beirt nach raibh i mbéal an phobail an oiread céanna agus a bhí Eugene. Cé go bhfuil sé ar ais ar an ticéad, bhí an dochar déanta. Níor chuidigh na scéalta a tháinig amach gur “chaill sé an t‑ainmniúchán”.
Mar bharr ar an donas, tá an t‑iarrthóir ospidéil, Kieran Deeney, fear a sciob an dara suíochán a shíl an páirtí a bheith acu, tá sé le seasamh arís an iarraidh seo.
Ach níl sé in ísle brí faoin eachtra ar fad nó is eisean an fear atá sa suíochán le dhá thoghchán anuas agus, cé go bhfuil an toghcheantar scoilte ina dhá leath, fuair sé féin níos mó ná cuóta i dtoghchán Westminster.
An cheist is mó a bheidh sa toghchán, dar leis, rátaí uisce agus an dóigh a rachaidh siad i bhfeidhm go héagórach ar dhaoine atá ar bheagán airgid.
“Ba chóir cúiteamh a bheith á chur ar fáil don phobal i ndiaidh na mblianta den choimhlint, ach ina áit tá siad ag cur rátaí uisce isteach.
“Tá a fhios agam a lán daoine sa toghcheantar seo a ndéanfaidh sé an difear idir saol a bheith acu agus iad a bheith i bhfiacha. Fiú daoine atá dífhostaithe, beidh orthu é a íoc.”
Síleann sé gur beag an difear a dhéanfaidh an Tionól nua ach tá sé ag iarraidh ar an Taoiseach cuid den airgead atá curtha ar leataobh don bhonneagar sna sé chontae a chur ar fáil sa dóigh is nach mbeidh na rátaí uisce ann.
Ceist eile atá ag dó na geirbe ag pobal an toghcheantair thuaithe seo an toirmeasc ar thithe nua faoin tuath. Is é a deir an t-ordú nua nach gceadaítear togáil tithe aonair ach ar chúinsí sainiúla agus gur ar eastáit mhóra a bheidh an fhorbairt as seo amach. Agus tá sé seo ag fáisceadh na beochta amach as an phobal tuaithe.
“Tá iarthar Thír Eoghain iontach tuaithe agus tá an reachtaíocht seo ag cur daoine den talamh inar rugadh iad.
“Chomh maith leis sin, cuireann sé brú eile ar phraghsanna tithe – is féidir leis na forbróirí a rogha praghas a iarraidh agus meallann sé sin na hamhantraithe.”
Faoi láthair tá cás cúirte tógtha ag Comhairle an tSratha Báin agus Comhairle na hÓmaí in éadan an ordaithe.
Cé nach bhfuil an fíoch céanna idir an dá phobal sa toghcheantar (ba ar an Srath Bán, ar ndóigh, a rinne fear ón DUP comhghairdeas leis an Chathaoirleach nua Sinn Féineach, roinnt blianta ó shin agus mhol comhairleoir Aontachtach as Caisleán na Deirge an “chéim shuntasach” a ghlac Sinn Féin maidir leis an PSNI) is ar chúrsaí na ceiste náisiúnta is mó a dhéanfar an marc lá na ballóide.
Beidh aithne ag go leor daoine sa cheantar ar Joe O’Neill, ó Shinn Féin Poblachtach (atá ag seasamh mar neamhspleách de thairbhe nach bhfuil an páirtí cláraithe ó thuaidh), fear atá ag baint faoi i mBun Dobhráin. Is cinnte go bhfuil a lán poblachtach sa cheantar iontach míshásta leis an chinneadh glacadh leis an PSNI, ach beidh le feiceáil an mbeidh siad sásta vóta a chaitheamh le Joe O’Neill mar agóid agus ansin an vóta a aistriú go Sinn Féin ina dhiaidh.

No comments: