Friday 23 February 2007

'Ag cliceáil agus ag ticeáil'

Sula mbeidh deis ag an bpobal tic a chur sa bhosca cuí, tráth toghcháin, thuaidh is theas, beidh deis acu an luchóg a chur ag cliceáil chun na hiarrthóirí ba mhaith leo a roghnú.
Bíodh is go bhfuil scáth an vóta leictreonaigh bailithe uainn ar feadh tamaill, tá an canbhás leictreonach linn anois, gan aon agó.
Díol suntais an oiread páirtithe ó thuaidh is ó dheas atá i mbun blagadóireachta is podchraoltóireachta is eile ar mhaithe le teacht ar vótóirí.
Suímh bebo, fís-bhlaganna, téacs-bhlaganna – níl cibear-bhealach ar bith nach bhfuil in úsáid ag na páirtithe éagsúla chun a dteachtaireachtaí a chur i láthair an phobail.
An rud a spreagfaidh spéis na gcraoltóirí, áfach, go bhfuil leithéidí Shinn Fein agus an DUP ag mealladh na mílte cuairteoir chuig a suímh le hamharc ar na fís-bhlaganna is eile atá á gcur ar fáil acu.
Más tacaí de chuid Gerry Adams thú, nó fiú Ian Paisley, tá agallaimh leo le feiceáil ar a suímh, agallaimh nach mbeadh craoltóirí aitheanta sásta a chraoladh de bharr iad a bheith den tuairim go mbeadh siad “róbhog” nó “ró-aontaobhach”.
Má tá tú ar thóir an fheachtais idirlín seo, túsphointe maith an suíomh polaitiúil faoi Thuaisceart na hÉireann, sluggerotoole.com, fóram a chuireann na físeanna éagsúla i láthair agus a thugann deis don lucht féachana barúil a nochtadh agus diospóireacht a spreagadh.
Ba thúisce a chonacthas na Craolacháin Pháirtí Um Thoghcháin ar You Tube ná mar a chonacthas ar an dteilifís iad – agus ba léir gur mheall siad go leor daoine chun amharc orthu agus iad a phlé.
Páirtí Aontachtach Uladh, páirtí a luaitear go minic le polaitíocht na seanaoise, is túisce a d'éirigh leo aird sluggerotoole a mhealladh lena gcraolachán polaitiúil ar líne.
Ní fada ina dhiaidh sin a bhí craolacháin ón SDLP, ó Pháirtí na Comhghuaillíochta agus ó Shinn Féin le feiceáil ar You Tube.
Tá fís-bhlag DUP ar fáil fosta ar wwwdup2win.com agus bíonn scannán úr ann gach lá le tuairisc ó fheachtas an pháirtí.
An tseachtain seo, mar shampla, bhí mír scannáin ann ag léiriú Ian Paisley ag déanamh pancóg ar Mháirt Inide. Cé acu a mheallfaidh seo vótaí chuige nó nach meallfaidh, sin í an cheist. Nó an mbeidh sé féin ag casadh chomh gasta is a bhí sé ag iompú na bpancóg ar cheisteanna tábhachtacha ar nós an mbeidh siad ag roinnt cumhachta le Sinn Féin tar éis an toghcháin?
Neosfaidh an aimsir.
An deacracht, ar ndóigh, le lucht féachana idirlín go mbíonn sé deacair a mheas cé acu in Éirinn nó thar lear atá an lucht féachana is mó agus, ar ndóigh, tá impleachtaí tábhachtacha aige sin do pháirtithe polaitiúla le linn feachtas toghcháin. An t-aon rud a dhéanann difear do pholaiteoir an vóta. Muna saothraíonn sé vótaí trína iarrachtaí ar an idirlíon, céard is fiú iad?
Ní féidir le páirtí polaitiúil bheith gan suíomh idirlín, tráth toghcháin. Is áis é don phobal is na meáin fáil amach céard iad na polasaithe atá ag páirtí agus cén seasamh atá aige ar cheisteanna éagsúla, ceistanna nach gclúdófaí ar na mór-mheáin.
Agus de bharr go bhfuil páirtithe éagsúla ag cur físeanna is eile ar fáil, cuireann sé sin brú ar gach páirtí déanamh amhlaidh.
Don chuid is mó, eití óga na bpáirtithe atá ag déanamh na hoibre seo — agus tá siad á déanamh le hábhar atá ar fáil cheana féin. Mar sin de, níl mórán costais i gceist.
An uair a thosaíonn saoistí na bpáirtithe ag tabhairt faoi deara go bhfuil costais ag dul i méid agus, b’fheidir, nach bhfuil an vóta ag dul in airde mar chúiteamh, déanfar athbhreithniú ar fheachtais pholaitiúla idirlín.

No comments: