Wednesday 28 February 2007

Easpa físe ag páirtithe don Ghaeilge

Fís dá laghad do thodhchaí na Gaeilge níor léiríodh ag an gceardlann a reachtáil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Atha Cliath, inné, le deis a thabhairt d'ionadaithe ó na páirtithe éagsúla fís dá leithéid a chur chun cinn.
Go deimhin, is é easpa físe agus straitéise na bpáirtithe éagsúla scéal mór na hócáide. Tá sé amhail is nach bhfuil siad ag tabhairt am ar bith don Ghaeilge chun scagadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí.
Cinnte, má chuirtear ceist orthu, tá siad ar a son. Ach tá siad ar son naomhú Mháthair Treasa fosta. Agus tá siad ar son slisíní aráin.
D'fhoilsigh an rialtas cáipéis físe roimh an Nollaig a leag síos mar sprioc go mbeadh Éire ina tír dhátheangach faoi 2028. Go fóill, áfach, ní raibh a gcéad chruinniú ag Fóram na Gaeilge, an bord comhairleach a cheap an tAire le tabhairt faoi straitéis a dhréachtú leis an fhís seo a fhíorú. Beidh an t-ádh linn má éiríonn leo obair fhiúntach ar bith a dhéanamh roimh an olltoghchán agus cá bhfios cad a tharlóidh ina dhiaidh sin.
Léiriú ar an bhearna mhór sa phlé faoi cheisteanna Gaeilge an útamáil ar fad atá ar bun faoi Ionad Náisiúnta Oideachais don Ghaeilge a lonnú i gColáiste Íosagáin i mBaile Mhuirne. Ag ócáid an lae inné, dúirt an tAire Ó Cuív go raibh roghanna eile ann seachas seo, ag tabhairt le fios mar sin go raibh an rialtas ag tarraingt siar ón dtionscnamh.
Is féidir nach bhfuil an tAire ar a chompord le moladh go lonnófaí tionscnamh náisiúnta Gaeilge i dtoghcheantar nach Gaillimh Thiar é, i mbéal olltoghcháin. Tá dílárú is dílárú ann, tá's agat.
Tá gá le hacmhainní don earnáil oideachais Ghaeilge. Tá ríghá le téacsleabhair i réimse ábhar ó leibhéal an bhunoideachais ar aghaidh.
Tá gá freisin le taighde a dhéanamh ar mhodhanna nua-aimseartha oideachais lena chinntiú go mbeidh deis ag earnáil an oideachais Ghaeilge is trí Ghaeilge bheith ar comhchéim le hearnálacha eile.
Ionad Náisiúnta Oideachais Ghaeilge an uirlis is fearr chun na spriocanna seo is eile a bhaint amach.
Cad chuige an tarraingt cos?

Monday 26 February 2007

Suíochán ar shuíochán

1 - Aontroim Theas
Ceantair tuaithe don chuid is mó é seo ach tá roinnt bailte istigh ann agus ceantair mhór eastait tithíochta ar nós Baile na Mainistreach san áireamh fosta.
Tá cúig bhall tionóil aontachtach anseo agus náisiúnach amháin.
William Clyde agus Paul Girvan an bheirt bhall thionóil DUP, David Burnside agus Jim Wilson an bheirt ag an UUP, Tommy Burns ag an SDLP agus is le David Ford, ceannaire an Alliance an séú suíochán.
An tOir Wille Mc Crea príomhiarrthóir an DUP agus cuideachta aige ó Trevor Clarke agus Mel Lucas.
David Burnside, príomhiarrthóir an UUP agus ina chuideachta siúd Danny Kinahan agus Stephen Nicholl, beirt chomhairleoirí UUP.
Tá dhá shuíochán DUP sábháilte agus gach cuma ar an scéal go mbeidh dhá shuíochán an UUP sábháilte.
Troid tríbhealach a bheith ann don dá shuíochán deiridh idir Tommy Burns, SDLP, Mitchell Mc Laughlin, Sinn Féin, agus David Forde, Alliance.
Tá Sinn Féin ag teacht i dtreise sa cheantar seo agus bua breise dóibh go mbeidh Mitchell Mc Laughlin ag seasamh ar a son.
Is mó vótaí dara rogha a mheallfaidh seisean ná mar a mheall Martin Meehan an t-am deiridh.
Agus gach seans go gcuideoidh cinneadh Shinn Féin faoi phóilíneacht chun vótaí dara rogha a mhealladh.
Tá an SDLP láidir go leor sa toghcheantar chun cuóta a bhaint amach, agus is é David Forde, ceannaire an Alliance, is mó atá i mbaol.
Cúpla scór nó cúpla céad vóta a shocróidh cúrsaí ag deireadh agus ba dhána an mhaise do dhuine ar bith a thuar cé a thógfaidh an dá shuíochán deiridh sin.

2 - Feabhall
Tá Sinn Féin ar chos cúil anseo nó tá an SDLP cathréimeach i ndiaidh dóibh suíochán Mark Durkan a choinneáil ag toghchán Westminster agus imeacht Mitchell Mc Laughlin amach as an toghcheantar.
I 2003 bhain Mark Durkan, Pat Ramsay agus Mary Bradley trí shuíochán agus beidh an triúr acu sin ag seasamh arís eile. Ba cheart go gcoinneodh an SDLP an trí shuíochán sin.
Raymond Mc Cartney an príomhiarrthóir ag Sinn Féin agus é i gcuideachta Martina Anderson agus Lynn Fleming, iar-Ard-Mhéara. Seans go mbeidh titim ar vóta Shinn Féin nó déanfaidh iarrthóirí frithPSNI, sóisialach, agus eile dochar éigin dóibh.
Ach ba cheart go gcoinneodh Sinn Féin an dá shuíochán nó bhí 32% den vóta acu an t-am deiridh.
Ba cheart go gcoinneodh Willie Hay suíochán an DUP ainneoin dúshláin mhór ó Peter Munce ón UUP.
Mar sin - athrú ar bith i bhFeabhall, 3 SDLP, 2 SF agus 1 DUP.

3 - Gleann an Lagáin
Lios na gCearrbach an baile is mó anseo ach tá codanna de Bhéal Feirste Thiar, mórcheantair náisiúnacha Cill Uaighe agus an Poll Glas, san áireamh fosta.
Jeffrey Donaldson, Nora Beare agus Billy Bell a thóg trí shuíochán an UUP i 2003, Edwin Poots an t-aon suíochán DUP, Seamas Close a thóg suíochán don Alliance agus Patricia Lewsley a bhain suíochán don SDLP.
D’imigh Jeffrey agus Nora Beare chuig an DUP ó shin, rud a chiallaíonn go bhfuil trí shuíochán ag an DUP.
Trí shuíochán atá slán sábháilte an iarraidh seo.
An mhórcheist, an dtiocfadh leis an DUP an ceathrú suíochán a bhaint agus tógáil ar mhórtharraingt Jeffrey Donaldson.
Beidh Billy Bell, iar-MLA an UUP agus Basil Mc Crea ag iarraidh dhá shuíochán a bhaint don UUP ach gach seans nach bhfaighidh siad ach ceann amháin agus go mbeidh suíochán breise ag an DUP.
Bhíodh Seamas Close ina ball tionóil don Alliance ach ní bheidh seisean ag seasamh an iarraidh seo. Ach ba cheart go mbeadh Trevor Lunn, Ard- Mhéara Lios na gCearrbhach, in ann an suíochán Alliance a choinneáil.
Ach is é is suimiúla sa toghcheantar seo ná an troid idir an SDLP agus Sinn Féin.
D’éirigh ball tionóil an SDLP, Patricia Lewsley as agus thug an SDLP bean óg ó Chontae an Dúin, Marietta Farrell isteach chun troid don suíochán.
Ach ia beag aithne uirthi agus crothnóidh an SDLP proifíl agus tarraingt Patricia Lewsley.
An dtiocfaidh vótóirí SDLP amach don iarrthóir nua seo?
Seans nach dtiocfaidh oiread amach is a tháinig roimhe agus cruthóidh sin seans maith do Paul Butler ó Shinn Féin.
Fuair Paul Butler vóta níos airde ná Patricia Lewsley an iarraidh dheireanach ach ceal vótaí dara nó tríú rogha níor éirigh leis.
An mó vótaí dara rogha a bhfaighidh Paul Butler an uair seo, go háirithe mar gheall ar Ard-Fheis na póilíneachta?
Seans maith ag Sinn Féin suíochán breise a thógáil anseo.

4 - Lár Uladh
An Corr Críochach agus Machaire Fíolta atá ar na bailte is mó sa toghcheantar seo. Martin Mc Guinness, Gearaldine Dougan agus Francie Molloy a thóg trí shuíochán do Shinn Féin an iarraidh dheiridh.
Thiocfadh dó go mbeidh drochthionchar ag an rírá faoi phóilíneacht ar vóta Shinn Féin sa toghcheantar seo agus nach dtiocfaidh oiread vótóirí amach agus a bhí dréim acu leis dá bharr.
Ina dhiaidh sin ba cheart go mbeadh an trí shuíochán seo sábháilte, bíodh is go mbeidh Michelle O’Neill ag seasamh in áit Geraldine Dougan. Tá cuóta cinnte ag Patsy Mc Glone agus an SDLP agus coinneoidh siad a n-aon suíochán.
Robert Mc Crea, mac leis an Oir Willie Mc Crea, an t-iarrthóir DUP.
Ba cheart go mbainfidh seisean agus Billy Armstrong ón UUP an dá shuíochán eile.
Mar sin athrú ar bith i Lár Uladh.

5 - Loch Cuan
Toghcheantar aontachtach don chuid is mó é seo. An mórscéal anseo go bhfuil John Taylor éirithe as don UUP agus tá an DUP ag iarraidh suíochán s’aige a bhaint.
Tá triúr ag an DUP faoi láthair, Iris Robinson, Jim Shannon agus George Ennis.
Níor roghnaíodh Ennis an iarraidh seo agus is iad Simon Hamilton agus Michelle Mc Ilveen an bheirt iarrthóirí eile DUP.
David Mc Narry atá i gceannas ar an fhoireann UUP i gcuideachta Michael Henderson agus Angus Carson. Tá seans ann sa toghcheantar áirithe seo go bhfanfaidh lucht leanúna an UUP leo agus go gcoinneoidh siad an dá shuíochán ainneoin dúshlán mór an DUP.
Joe Boyle ón SDLP agus Dermot Kennedy ó Shinn Féin na hiarrthóirí ag Kieran Mc Carty, ball tionóil an Alliance.
Ach ba cheart go mbeadh an bua ag Mc Carty.

6 - Béal Feirste Thiar
Ceathrar ag Sinn Féin anseo faoi láthair, duine amháin ag an DUP agus ag an SDLP araon.
Tá cuóta SDLP i mBéal Feirste Thiar agus ba cheart go mbeadh Alex Attwood i gceart dá réir.
Gearóid Mac Adaim, Bairbre de Brun, Fra Mc Cann agus Michael Ferguson an ceathrar a bhain suíochán do Shinn Féin i 2003. Tá athrú pearsanra ó shin ach tá an ceithre shuíochán sin sábháilte fós .
Ceist mhór - an dtig leo suíochán Diane Dodds a thógáil ón DUP?
‘Keep the Seat’ an mana ag lucht an DUP agus iad ag iarraidh ar phobal na Seanchille aontú chun suíochán a choinneáil ó Shinn Féin.
Tá tuairimíocht láidir ann áfach nár chláraigh oiread aontachtaithe sa cheantar agus a chláraigh i 2003. Más fíor sin tá seans ag Sinn Féin rud dochreidte a dhéanamh agus an cúigiú suíochán a thabhairt leo.
Beidh iarrthóir Shinn Féin Poblachtach ann, atá ag cur i gcoinne an PSNI.
Ní dhéanfaidh an t-iarrthóir sin dochar gur fiú a lua do vóta Shinn Féin áfach.
Ach bíodh an suíochán sin ag Dodds nó ag Sinn Féin is beag de farasbarr a bheidh ag an bhuaiteoir.

7 - Aontroim Thoir
Lath Árna agus Carraig Fhearghusa an dá mhór bhaile sa toghcheantar seo.
Ceantar aontachtach don chuid is mó agus ní raibh ionadaí náisiúnach ar an seisear a toghadh ann an t-am deireanach.
I 2003 toghadh Sammy Wilson, George Dawson agus David Hilditch don DUP, Roy Beggs agus Ken Robinson don UUP agus Sean Neeson do Pháirtí an Chomhaontais.
Is beag seans go gcaillfidh an DUP aon cheann den trí suíochán atá acu.
Fuair an UUP beagnach 30% den vóta an t-am deiridh agus cé go bhfuil vóta an DUP ag dul in airde anseo mar atá i go leor toghcheantar eile níl aon leid ann go bhfuil titim tubaisteach i ndiaidh teacht ar vóta an UUP.
Mar sin gach seans go gcoinneoidh an UUP dhá shuíochán, Roy Beggs agus Ken Robinson.
An séú suíochán ba cheart go bhfanfadh sé ag an Alliance.
Tá Sean Neeson, seanfhondúir de chuid an Alliance, atá ag seasamh ar a son agus seans maith go dtiocfaidh laghdú ar a vóta an iarraidh seo .
Ach tá an vóta náisiúnach scoilte idir Danny O Connor, comhairleoir SDLP i Lath Árna agus Oliver Mc Mullan, SF, comhairleoir sna Glinntí Aontroma.
Fuair an dá pháirtí le chéile 10% den vóta i 2003 figiúr atá ar aon dul le vóta céad rogha Alliance.
Ach fad is go bhfágann siad scoilte mar sin beidh an séú suíochán ag Alliance.

8 - Béal Feirste Thuaidh
An cath idir an DUP is an UUP an mórscéal.
Tá dhá shuíochán ag Sinn Féin i mBéal Feirste Thuaidh, Gerry Kelly agus Kathy Stanton.
Ó tharla aird i bhfad níos ná riamh ag Gerry Kelly gach seans go rachaidh a vóta siúd in airde.
Ba leor an vóta Poblachtach chun eisean agus iarrthóir nua, Clara Ní Chuilin, a thogadh.
Tá suíochán amháin ag an SDLP, suíochán Albain Magennis agus ainneoin go gcreideann an SDLP go dtiocfadh leo an dara suíochán a thabhairt leo, caolsheans.
Tá Fred Cobain ar dhuine de na polaiteoirí is mó oibre agus is fearr atá ag an UUP.
Aigesan an t-aon suíochán UUP sa toghcheantar agus beidh sé faoi bhrú an iarraidh seo ó Nigel Dodds agus beirt eile de chuid an DUP.
An dtig leis an suíochán a choinneáil?
Beidh obair aige ach tá an obair déanta aige ar an talamh agus b’fhéidir gur leor sin chun go dtiocfadh sé slán.
Ach tá sé deacair a thomhas an mothú sa phobal aontachtach agus is cúpla scór nó cúpla céad vóta a shocróidh cé acu go rachaidh an suíochán deiridh chuig an DUP nó chuig an UUP.

9 - Béal Feirste Theas
Cath fíochmhar idir an DUP is an UUP an príomhscéal.
Tá dhá shuíochán ag an SDLP sa toghcheantar seo - Alasdair Mc Donnell agus Carmel Hanna.
Tá siad sin beirt slán.
Mar a gcéanna an scéal do Alex Maskey, Sinn Féin.
Níl aon chomhartha ann go dtiocfadh le Sinn Féin an dara suíochán a thógáil anseo fós agus beidh siad sona go leor má ardaítear vóta Alex Maskey.
Tá dhá shuíochán ag an UUP, Esmond Birnie agus Michael Mc Gimpsey, agus duine amháin ag an DUP Mark Robinson.
Ach tá vóta an UUP tite as a chéile ó bhí an toghchán Tionóil deiridh ann.
Agus i dtoghchán Westminster 2005 bhí fear an DUP, Jimmy Spratt, giota maith chun cinn ar Michael Mc Gimpsey ón UUP.
Mar sin tá an DUP dóchasach go dtiocfadh leo suíochán Esmond Birnie a ghoid ón UUP agus ag cuimhneamh ar an dul chun cinn a rinne an DUP le ceithre / cúig bliana anuas, gach seans go bhfuil an ceart acu.
An imreoidh Anna Lo, iarrthóir Síneach an Alliance, aon tionchar ar chúrsaí?
An dtógfaidh sise suíochán agus má thógann an é go dtógfaidh sise, seachas an DUP, suíochán Esmond Birnie?

Lá stairiúil ar shráideanna Bhéal Feirste

Léiriú ar mhisneach is ar neart phobal na Gaeilge an mórshiúl a rinne na mílte cainteoirí is tacaithe chuig lár Bhéal Feirste Dé Sathairn, an chéad mhórshiul dá leithéid riamh i stair na cathrach.
Chuir siad in iúl lena gcoiscéimeanna cinniúnacha is stairiúla go raibh éileamh neamhbhalbh ann ar son Acht Gaeilge thuaidh, éileamh nach féidir leis na h-údaráis neamhiontas a dhéanamh de.
Tá go dtí an Aoine ann anois le haighneachtaí a sheoladh chuig an Roinn Cultúr, Ealaín is Fóillíochta agus mholfaimis dár léitheoirí ar fad litir, cárta poist nó cáipéis de shórt ar bith a ullmhú agus a sheoladh ar aghaidh roimh an spriocdáta.
Tá a fhios againn i dtéarmaí ginearálta céard atá de dhíth. Reachtaíocht a bheidh ina chrann taca don té atá ag iarraidh a shaol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge. Seirbhísí atá uainn. Aitheantas d'ár dteanga is dár gcultúr a léiríonn go bhfuil áit chothrom is chóir againn sa tsochaí seo.
Níl aon rud á éileamh ag pobal na Gaeilge ach bunchearta is comhlíonadh geallúintí is ceangal i gcomhaontuithe idirnáisiúnta roimhe seo.
I 1998 tugadh geallúintí i gComhaontú Aoine an Chéasta maidir le háit larnach a thabhairt don Ghaeilge sa saol poiblí thuaidh - ach ní raibh na h-údaráis thuaidh inchurtha leis an ndúshlán agus loic siad ar an ngeallúint a rinne Rialtas na Breataine.
Go dtí seo, níl an páirtí eile san aontú sin, Rialtas na hÉireann, tar éis an brú cuí a chur ar Rialtas na Breataine an gheallúint sin a chomhlíonadh le croí mór maith.
I gComhaontú Chill Rímhinn, gheall Rialtas na Breataine go reachtófaí Acht Gaeilge. Más amhlaidh go dteipeann ar Rialtas na Breataine seo a dhéanamh, tríd an fhaillí ligean don reachtaíocht filleadh go Stormont le go gcuirfeadh aondachtaithe scian leis, ba cheart do Rialtas na hÉireann níos mó a dhéanamh ná míshásamh a chur in iúl. Tá beart de réir briathair de dhíth.
Go leor déanta, go leor fós le déanamh.

Friday 23 February 2007

'Ag cliceáil agus ag ticeáil'

Sula mbeidh deis ag an bpobal tic a chur sa bhosca cuí, tráth toghcháin, thuaidh is theas, beidh deis acu an luchóg a chur ag cliceáil chun na hiarrthóirí ba mhaith leo a roghnú.
Bíodh is go bhfuil scáth an vóta leictreonaigh bailithe uainn ar feadh tamaill, tá an canbhás leictreonach linn anois, gan aon agó.
Díol suntais an oiread páirtithe ó thuaidh is ó dheas atá i mbun blagadóireachta is podchraoltóireachta is eile ar mhaithe le teacht ar vótóirí.
Suímh bebo, fís-bhlaganna, téacs-bhlaganna – níl cibear-bhealach ar bith nach bhfuil in úsáid ag na páirtithe éagsúla chun a dteachtaireachtaí a chur i láthair an phobail.
An rud a spreagfaidh spéis na gcraoltóirí, áfach, go bhfuil leithéidí Shinn Fein agus an DUP ag mealladh na mílte cuairteoir chuig a suímh le hamharc ar na fís-bhlaganna is eile atá á gcur ar fáil acu.
Más tacaí de chuid Gerry Adams thú, nó fiú Ian Paisley, tá agallaimh leo le feiceáil ar a suímh, agallaimh nach mbeadh craoltóirí aitheanta sásta a chraoladh de bharr iad a bheith den tuairim go mbeadh siad “róbhog” nó “ró-aontaobhach”.
Má tá tú ar thóir an fheachtais idirlín seo, túsphointe maith an suíomh polaitiúil faoi Thuaisceart na hÉireann, sluggerotoole.com, fóram a chuireann na físeanna éagsúla i láthair agus a thugann deis don lucht féachana barúil a nochtadh agus diospóireacht a spreagadh.
Ba thúisce a chonacthas na Craolacháin Pháirtí Um Thoghcháin ar You Tube ná mar a chonacthas ar an dteilifís iad – agus ba léir gur mheall siad go leor daoine chun amharc orthu agus iad a phlé.
Páirtí Aontachtach Uladh, páirtí a luaitear go minic le polaitíocht na seanaoise, is túisce a d'éirigh leo aird sluggerotoole a mhealladh lena gcraolachán polaitiúil ar líne.
Ní fada ina dhiaidh sin a bhí craolacháin ón SDLP, ó Pháirtí na Comhghuaillíochta agus ó Shinn Féin le feiceáil ar You Tube.
Tá fís-bhlag DUP ar fáil fosta ar wwwdup2win.com agus bíonn scannán úr ann gach lá le tuairisc ó fheachtas an pháirtí.
An tseachtain seo, mar shampla, bhí mír scannáin ann ag léiriú Ian Paisley ag déanamh pancóg ar Mháirt Inide. Cé acu a mheallfaidh seo vótaí chuige nó nach meallfaidh, sin í an cheist. Nó an mbeidh sé féin ag casadh chomh gasta is a bhí sé ag iompú na bpancóg ar cheisteanna tábhachtacha ar nós an mbeidh siad ag roinnt cumhachta le Sinn Féin tar éis an toghcháin?
Neosfaidh an aimsir.
An deacracht, ar ndóigh, le lucht féachana idirlín go mbíonn sé deacair a mheas cé acu in Éirinn nó thar lear atá an lucht féachana is mó agus, ar ndóigh, tá impleachtaí tábhachtacha aige sin do pháirtithe polaitiúla le linn feachtas toghcháin. An t-aon rud a dhéanann difear do pholaiteoir an vóta. Muna saothraíonn sé vótaí trína iarrachtaí ar an idirlíon, céard is fiú iad?
Ní féidir le páirtí polaitiúil bheith gan suíomh idirlín, tráth toghcháin. Is áis é don phobal is na meáin fáil amach céard iad na polasaithe atá ag páirtí agus cén seasamh atá aige ar cheisteanna éagsúla, ceistanna nach gclúdófaí ar na mór-mheáin.
Agus de bharr go bhfuil páirtithe éagsúla ag cur físeanna is eile ar fáil, cuireann sé sin brú ar gach páirtí déanamh amhlaidh.
Don chuid is mó, eití óga na bpáirtithe atá ag déanamh na hoibre seo — agus tá siad á déanamh le hábhar atá ar fáil cheana féin. Mar sin de, níl mórán costais i gceist.
An uair a thosaíonn saoistí na bpáirtithe ag tabhairt faoi deara go bhfuil costais ag dul i méid agus, b’fheidir, nach bhfuil an vóta ag dul in airde mar chúiteamh, déanfar athbhreithniú ar fheachtais pholaitiúla idirlín.

Thursday 15 February 2007

Tábhacht i gcónaí leis an ghuth neamhspleách

Tar éis a bhfuil de chaint agus de thuairimíocht ann faoi na páirtnéireachtaí a d’fhéadfaí a chur le chéile tar éis an olltoghcháin, is beag caint atá déanta go dtí seo ar na teachtaí neamhspleácha agus ar na roghanna a bheidh acu.
Tá an líon de theachtaí neamhspleácha a thoghtar ag méadú go leanúnach ó 1981 i leith agus ba mhinic cheana a bhí a nguth cinniúnach nuair a bhí rialtas á chur le chéile.
Le linn tréimhse na Dála seo, ba é an Dr. Liam Twomey an chéad duine a roghnaigh filleadh ar na páirtithe móra nuair a chuaigh sé le Fine Gael. Tugadh urlabhraíocht thábhachtach dó láithreach agus is dóigh gur féidir airgead a chur air go bhfuil aireacht geallta dó má thoghtar an “malairt comhrialtais”.
Le gairid, d’fhill teachta neamhspleách ghluaiseacht Blaney ar an bpáirtí as ar eascair sí nuair a chuaigh Niall Blaney le Fianna Fáil. Tá go leor a déarfadh nár cheart an scoilt idir muintir Blaney agus Fianna Fáil a bheith fágtha chomh fada – agus tuilleadh a déarfadh go bhfuil an páirtí i dTír Chonaill scriosta ag an scéal ar fad.
Taobh amuigh den tionchar a bheidh ag an socrú ar chúrsaí i nDún na nGall Thoir Thuaidh, tá ceist eile gur fiú a chur ag an tráth seo, mar atá, an bhfuil mórán eile den dream a d’fhág nó a ruaigeadh as Fianna Fáil ag breathnú go fonnmhar ar an bpáirtí mór?
Tá polaitíocht na hÉireann eisceachtúil mar go mbíonn sciar níos mó de theachtaí neamhslpeácha i bparlaimint na tíre seo ná mar a bhíonn i mórán tíortha eile. Go deimhin, is minic gur mó teachta neamhspleách a bhíonn sa Dáil ná mar a bhíonn in go leor de pharlaimintí eile na hEorpa le chéile.
Bhuaigh iarrthóirí neamhspleácha 14% den vóta agus faoi láthair, tá ceathrar déag de theachtaí neamhspleácha sa Dáil, an líon is airde ó bhí 1951 ann.
Chuaigh ochtar den cheathrar déag sin ar ais leis na páirtithe móra sa tréimhse Dála dár gcionn. An bhféadfadh a leithéid tarlú inniu?
Tá sé fógartha cheana féin ag beirt de na Teachtaí neamhspleácha – Mildred Fox agus Marian Harkin – nach mbeidh siad san iomaíocht san olltoghchán agus fillfidh na suíocháin sin ar na páirtithe móra.
Is dóigh ansin gur féidir an chuid eile den lucht neamhspleách a rangú de réir a gclaonadh i leith na bpríomhpháirtithe.
Is de bhunadh Fianna Fáileach Paudge Connolly, Beverley Flynn, Jackie Healy-Rae, James Breen agus Paddy McHugh. Is cosúil, go deimhin, go bhfuil iarrachtaí ar bun ag Fianna Fáil cuid acu a mhealladh ar ais nó a dtacaíocht a chinntiú, ar aon nós.
Deir siad ar fad go bhfanfaidh siad le toradh an olltoghcháin sula ndéanfaidh siad cinneadh faoi cé leis a dtacóidh siad mar thaoiseach. Tá an liosta siopadóireachta á réiteach acu ar fad agus is deacair a shamhlú go dtréigfidís Fianna Fáil.
Iar-theachta de chuid Fhine Gael é Michael Lowry agus déanann sé a dhícheall fanacht dílis don pháirtí cé gurb annamh a bhíonn sé páirteach i vótaí Dála níos mó. Is dóigh go dtacódh sé le Enda Kenny mar Thaoiseach.
Cá bhfágann sin an seisear eile?
Deir Tony Gregory agus Finian McGrath go scrúdóidh siad aon mholtaí a chuirfear faoina mbráid agus a thugann aghaidh ar riachtanais a gcuid dáilcheantar.
An clár polasaí a chuirtear os comhair na Dála a bheidh mar shlat tomhais ag Catherine Murphy, a deir sí, nuair a bheidh Taoiseach le toghadh.
B’fhearr leis an Dr. Jerry Cowley go bhfanfadh na teachtaí neamhspleácha le chéile agus brú a chur ar an rialtas mar mhionpháirtí iontu féin agus is beag seans go mbeidh aon ghean aige ar cheachtar den bheirt a mholfar le toghadh mar Thaoiseach.
Meastar gurb amhlaidh a bheidh ag Seamus Healy, a bhfuil cáineadh láidir déanta aige ar an rialtas agus ar an bhfreasúra, ó am go chéile.
Is féidir go mbeidh margáil go leor ar bun idir dáta an chomhairimh agus an lá a thiocfaidh an Dáil le chéile le Taoiseach a thoghadh. Ach céard faoin té a chaitheann a vóta sa mBealtaine seo chugainn d’iarrthóir neamhspleách? An mbeidh sé ag cuimhneamh ar cén rogha a dhéanfaidh an duine sin nuair a bheidh Taoiseach le toghadh? An gcuirfear an cheist ar iarrthóirí neamhspleácha céard a dhéanfaidh siad má bhíonn a gcuid tacaíochta ag teastáil?
B’fhéidir gurbh fhiú an cheist a chur – feictear domsa go bhféadfadh guth an teachta neamhspleách a bheith cinniúnach imbunú an chéad rialtas eile.

Beart straitéiseach nó seift shleamhain Shell?

Reachtaiocht é an tAcht Um Infheistíocht Straitéiseach a shínigh an tUachtarán ina dhlí ag deireadh mhí Eanáir. An sprioc atá leis an bealach a réiteach tríd an phróiseas pleanála d'fhorbairtí a bheadh ar mhaithe leis an phobal.
Laistigh de dheich lá, bhí iarratas seolta ag Shell Ireland chuig An Bhord Pleanála le go gcuirfí an phíblíne san áireamh atá siad ag iarraidh a thógáil ó chósta Mhaigh Eo go dtí Scaglann Bhéal an Átha Bhuí.
Beart ciniciúil é seo, gan aon agó, nó ní moladh neamhchonspóideach atá á dhéanamh ag an gcomhlacht seo agus tá curtha ina choinne go tréan ag an bpobal áitiúil i Maigh Eo. Tá siad ann sa phobal céanna atá ar son an tionscnaimh, ar ndóigh, nó creideann siad go mbeidh fostaíocht is rathúnas eacnamúil mar thoradh ar Shell Ireland ach tá an iomarca ceisteanna nár thug an comhlacht nó a chuid tacaithe freagra sásúil orthu.
Cén barántas atá ann go mbeidh an phíblíne seo sábháilte? Cén fáth go bhfuil an togra seo briste ina phíosaí mar seo? Tá cead tugtha cheana féin don scaglann. Gan an phíblíne, is scaglann in aisce a bheadh ann. Mar sin, is cosúil go bhfuil an cinneadh seo déanta agus nach bhfuil ann ach ceist ama go mbeidh píblíne ann, cibé rud a deir an pobal áitiúil. Ní hamháin sin, ach tá sé in éadan dhlí an Aontais Eorpaigh tionscnaimh a bhriseadh ina bpíosaí mar seo. An bhfuil rialtas na hÉireann agus an Bord Pleanála chun a bheith páirteach i sárú dlí den chineál seo?
Is mór ár n-eagla go bhfuil leas an phobail á ligean i ndearmad ag Shell agus lucht déanta na gcinntí seo i dtaobh Mhachaire Gáis na Coiribe.

Rátaí uisce ina cheist mhór

Ní raibh sé ag dul a bheith furasta don aon Bhall Tionóil atá ag an SDLP in Iarthar Thír Eoghain, Eugene McMenamin. Leis an bhorradh a bhí faoi Shinn Féin le tamall de bhlianta, bhí siad síos go dtí cuóta go leith agus ní raibh na haistrithe ag teacht chucu. Níor chuidigh an scoilt a bhí sa pháirtí sa chuid seo den chontae, go háirithe ar an Ómaigh, áit a raibh dhá dhream a bhí in adharca a chéile.
Caithfidh gur bhuille mór a bhí ann nuair a chuala sé go raibh beirt as an Ómaigh le seasamh ón choinbhinsiún, beirt nach raibh i mbéal an phobail an oiread céanna agus a bhí Eugene. Cé go bhfuil sé ar ais ar an ticéad, bhí an dochar déanta. Níor chuidigh na scéalta a tháinig amach gur “chaill sé an t‑ainmniúchán”.
Mar bharr ar an donas, tá an t‑iarrthóir ospidéil, Kieran Deeney, fear a sciob an dara suíochán a shíl an páirtí a bheith acu, tá sé le seasamh arís an iarraidh seo.
Ach níl sé in ísle brí faoin eachtra ar fad nó is eisean an fear atá sa suíochán le dhá thoghchán anuas agus, cé go bhfuil an toghcheantar scoilte ina dhá leath, fuair sé féin níos mó ná cuóta i dtoghchán Westminster.
An cheist is mó a bheidh sa toghchán, dar leis, rátaí uisce agus an dóigh a rachaidh siad i bhfeidhm go héagórach ar dhaoine atá ar bheagán airgid.
“Ba chóir cúiteamh a bheith á chur ar fáil don phobal i ndiaidh na mblianta den choimhlint, ach ina áit tá siad ag cur rátaí uisce isteach.
“Tá a fhios agam a lán daoine sa toghcheantar seo a ndéanfaidh sé an difear idir saol a bheith acu agus iad a bheith i bhfiacha. Fiú daoine atá dífhostaithe, beidh orthu é a íoc.”
Síleann sé gur beag an difear a dhéanfaidh an Tionól nua ach tá sé ag iarraidh ar an Taoiseach cuid den airgead atá curtha ar leataobh don bhonneagar sna sé chontae a chur ar fáil sa dóigh is nach mbeidh na rátaí uisce ann.
Ceist eile atá ag dó na geirbe ag pobal an toghcheantair thuaithe seo an toirmeasc ar thithe nua faoin tuath. Is é a deir an t-ordú nua nach gceadaítear togáil tithe aonair ach ar chúinsí sainiúla agus gur ar eastáit mhóra a bheidh an fhorbairt as seo amach. Agus tá sé seo ag fáisceadh na beochta amach as an phobal tuaithe.
“Tá iarthar Thír Eoghain iontach tuaithe agus tá an reachtaíocht seo ag cur daoine den talamh inar rugadh iad.
“Chomh maith leis sin, cuireann sé brú eile ar phraghsanna tithe – is féidir leis na forbróirí a rogha praghas a iarraidh agus meallann sé sin na hamhantraithe.”
Faoi láthair tá cás cúirte tógtha ag Comhairle an tSratha Báin agus Comhairle na hÓmaí in éadan an ordaithe.
Cé nach bhfuil an fíoch céanna idir an dá phobal sa toghcheantar (ba ar an Srath Bán, ar ndóigh, a rinne fear ón DUP comhghairdeas leis an Chathaoirleach nua Sinn Féineach, roinnt blianta ó shin agus mhol comhairleoir Aontachtach as Caisleán na Deirge an “chéim shuntasach” a ghlac Sinn Féin maidir leis an PSNI) is ar chúrsaí na ceiste náisiúnta is mó a dhéanfar an marc lá na ballóide.
Beidh aithne ag go leor daoine sa cheantar ar Joe O’Neill, ó Shinn Féin Poblachtach (atá ag seasamh mar neamhspleách de thairbhe nach bhfuil an páirtí cláraithe ó thuaidh), fear atá ag baint faoi i mBun Dobhráin. Is cinnte go bhfuil a lán poblachtach sa cheantar iontach míshásta leis an chinneadh glacadh leis an PSNI, ach beidh le feiceáil an mbeidh siad sásta vóta a chaitheamh le Joe O’Neill mar agóid agus ansin an vóta a aistriú go Sinn Féin ina dhiaidh.

Séanadh úrghnach an Rialtais

Tá sé ráite ag an ngníomhaí frithchogaidh Edward Horgan go bhfuil “díomá” air faoin bhealach a ritheadh rún ag Parlaimint na hEorpa ag cáineadh na tíre seo agus rialtas eile ar fud an Aontais as cuidiú le ‘seachadadh úrghnach’ SAM.
Cé gur dhearbhaigh an rún seo, a ghlac le tuairisc a rinne scagadh ar fhianaise faoi eitiltí amhrasacha ag Aerfort na Sionainne maille le haerfoirt eile ar fud na hEorpa, an méid a bhí le rá aige, ní raibh aon ríméad ar an iarcheannfort in Arm na hÉireann go raibh a Rialtas náirithe go poiblí mar seo.
Ag labhairt dó le Lá Nua tar éis an vóta 382/256 i bParlaimint na hEorpa inné, dúirt an tUasal Horgan, a thug ar ais boinn a bronnadh air de bharr a sheirbhíse san Arm de bharr nár réitigh sé le beartais an Rialtais, dúirt sé go raibh iontas air nach raibh binse fiosraithe á reachtáil ag an Oireachtas ar an cheist, mar a bhí á dhéanamh ag parlaimintí eile ar fud an Aontais.
“Tá Rialtas na hÉireann ag diúltú an fhírinne a fheiceáil agus ag diúltú aon fhiosrú a dhéanamh ar an gceist seo,” dúirt sé.
“Ar ndóigh tá an seachadadh úrghnach seo ag leanacht leis agus go fóill níl na Gardaí sásta fiú fiosruithe a dhéanamh faoi na líomhaintí atá á ndéanamh againn.
“In áit sin, táimse féin tar éis a bheith gafa as ucht grianghraif a ghlacadh de na heitiltí seo.”
Ag tabhairt freagra ar an dtuairisc a éisíodh inné, dúirt an tAire Ghnóthaí Eachtracha, Dermot Ahern, go raibh sé féin ‘díomách’ faoin tuairisc agus faoin vóta, ar ndóigh, i bParlaimint na hEorpa.
I ráiteas a d’eisigh sé, dúirt an tAire go raibh an tuairisc ar glacadh leis sa Pharlaimint róbhuartha faoi phointí pholaitiúla a ‘scóráil’.
Dúirt sé fosta go raibh áibhéil déanta ar an fhigiúr d’eitiltí amhrasacha a chuaigh trí Aerfort na Sionainne agus thagair sé arís eile don gheallúint a fuair sé ó údaráis Mheiriceá nach raibh an tír seo á húsaid le haghaidh eitiltí ‘seachadta urghnách’.
Dúirt an tUasal Horgan, áfach, mar fhreagra ar an méid a dúirt an tAire, go raibh taifead déanta ar na heitilti agus, go deimhin, go raibh tuilleadh eitiltí tarlaithe ó shin.

Monday 12 February 2007

Dhá chath inmheánacha

Cad é atá tú ag dul a dhéanamh faoi tháillí uisce?
Agus cad é faoin ardú ar rátaí atá ag teacht?
Cinnte go mbeidh ceisteanna neamhghnácha mar iad á gcur ar iarrthóirí i dtoghchán an Tionóil thuaidh.
Ach tá dul amú orthu sin a gcreideann go mbeidh ceisteanna 'ime is aráin' millteanach tábhachtach sa toghchán seo.
Táimid bliain nó beirt ar shiúl fós ón am nuair a bheidh a dtábhacht cheart ag na ceisteanna sóisialta i dtoghchán sa tuaisceart.
Toghchán ar an seandóigh an ceann reatha, cath nimhiúil idir an DUP is an UUP ar lámh amháin, idir Sinn Féin agus an SDLP ar an lámh eile.
Níl aontachtaithe ag dul a ghoid suíochán náisiúnach ná a mhalairt.
Seo troid díreach idir an DUP is an UUP sa choirnéal oráiste agus idir Sinn Féin is an SDLP sa choirnéal ghlas.
Agus beidh sé nimhiúil.
An DUP an páirtí is láidre ach is é an DUP an páirtí is mó atá i gcontúirt ag dul isteach sa toghchán seo.
30 feisire acu ach caithfidh siad na vótóirí sin a mheall siad ón UUP an t-am deireanach a choinneáil ar bord.
Agus caithfidh siad riar fosta ar a ngnáthvótóirí, dream atá corraithe go maith faoi chaint maidir le dul isteach i gcumhacht le Sinn Féin.
An lá inné, d’fhógair duine de bhunaitheoirí an DUP, George Mc Connell, go bhfuil sé i ndiaidh éirí as agus nach dtiocfadh leis vótáil don pháirtí feasta.
Ionann le nimh dósan agus dá leithéid an fhéidearthacht a bheith ann fiú go dtiocfadh leis an DUP dul isteach i gcumhacht le Sinn Féin.
Cúpla lá ó shin, d'fhógair seacht gcomhairleoir leis an DUP i mBaile Meánach nach dtiocfadh leo tacú leis an pháirtí sa toghchán ar eagla go rachadh an DUP isteach i gcumhacht le Sinn Féin.
Ná bíodh aon mhíthuiscint ann - tá an DUP i sáinn, drochsháinn.
Caithfidh siad foirmle focal a fháil agus iad ag dul isteach sa toghchán seo nach rialaíonn as an áireamh dul isteach i gcumhacht le Sinn Féin i ndiaidh an toghcháin.
Ach san am céanna caithfidh siad scairteadh os ard nach bhfuil rún dá laghad acu dul isteach i Sinn Féin i ndiaidh an toghcháin!
Seans go mbeidh siad in ann an teannas sa pháirtí agus sa lucht tacaíochta a choinneáil faoi smacht san fheachtas toghcháin.
Beidh sé deacair.
Nó beidh a naimhde, a iarrthóirí tionóil féin agus cuid dá lucht tacaíochta uilig ag fiafraí cad chuige nár rialaigh an DUP as an áireamh dul isteach sa tionól le Sinn Féin faoi choinníoll ar bith seachas iad a bheith ag cur in iúl go gcaithfidh Sinn Féin coinníollacha faoi leith a chomhlíonadh.
Feachtas dian a bheidh ann don DUP agus beidh cuid mhór ag brath ar an toradh.
Má éiríonn leo an 30 suíochán a choinneáil, fiú ceann nó beirt eile a bhaint, rachaidh na baill tionóil le cibé cinneadh a dhéanfaidh Ian Mór, fiú más cinneadh é dul isteach sa tionól le Sinn Féin.
Má bhíonn drochthoradh ann - bhuel is beag baol go rachaidh an DUP isteach sa tionól.
Agus beidh siad thíos leis fós.
Cibé toradh a bheidh ann tá teannas agus scoilt sa DUP nach féidir a réiteach agus tiocfaidh sé amach le linn nó i ndiaidh an fheachtais toghcháin.
Cad é an tionchar a bhí ag an cinneadh faoi phóilíneacht ar ghnáthvótóirí Shinn Féiin?
Maíonn go leor de na tráchtairí go raibh dea-thionchar aige agus fiú go mbeidh díbhinn ann ó vótóirí boga SDLP.
Ach níl an scéal chomh soiléir sin.
Ghlac bunús vótóirí is tacaithe Shinn Féin le socrú na hArd-Fheise speisialta ach níl go leor acu díograiseach faoi.
Agus tá buairt ann i measc Poblachtach go bhfanfaidh sciar de vótóirí Shinn Féin sa bhaile mar gheall ar a míshuaimhneas seachas dul amach chun vótáil.
Beidh le feiceáil.
Rud neamhchinnte fosta an tionchar a bhí ag na rialacha nua clárú vótóirí thuaidh ar thacaíocht Shinn Féin.
Cinnte go raibh titim ar lucht vótála Shinn Féin dá bharr. Ach cé chomh mór?
Feicimid am an toghcháin.
Níl Sinn Féin millteanach buartha faoin dúshlán ó ghrúpaí Poblachtacha nach n-aontaíonn leo.
In áiteanna ar nós Dhoire beidh an IRSP, Sinn Féin Poblachtach, agus iarrthóir neamhspléach Poblachtach ann.
Ach níl comhaontú toghcháin eatarthu agus an dream atá scoilte, ní baol iad.
Tá Sinn Féin dóchasach go dtiocfadh leo dochar níos mó fós a dhéanamh don SDLP i mBéal Feirste Thiar, áit ar tháinig titim beagnach 10,000 ar vóta an SDLP le blianta beaga anuas.
Agus creideann Sinn Féin go dtiocfadh leo dul san iomaíocht do shuíocháin breise, go háirithe in Aontroim Theas, Mitchell Mc Laughlin, agus i nGleann an Lagáin, Paul Butler.
Agus cad faoin SDLP is UUP?
Obair mhór rompu beirt gan titim siar níos mó.
Ní baol go mbeidh ceachtar acu in ann oiread suíochán tionóil a bhaint is go gcuirfeadh siad an DUP nó Sinn Féin sa dara háit arís.
Ach thiocfadh leo a bpáirtí a láidriú agus tosú ar aiséirí ach toghchán maith a bheith acu.
Póilíneacht an blár catha a bheidh an SDLP ag díriú air.
Agus ag an phobal a bheidh sé breithiúnas a thabhairt.
Seo toghchán a shocróidh todhchaí Reg Empey.
Má chliseann air, ní mhairfidh sé mar cheannaire ar an UUP.
Beidh an UUP ag iarraidh a chur in iúl go bhfuil sé ar intinn ag Ian Paisley dul isteach i gcumhacht le Sinn Féin i ndiaidh an toghcháin.
Agus gur an toradh a bheas ar sin - Martin Mc Guinness mar Leas-Chéad Aire agus Gerry Kelly mar Aire Póilíneachta.
Tromluí na dtromluíthe.
Feachtas gairid gonta a bheidh ann agus feachtas nimhiúil.
Tá rud amháin cinnte.
An dream nó na dreamanna is fearr ag spreagadh a vótóirí le dul amach ar an lá agus ag fáil na vótóirí sin a fhad leis na stáisiúin vótála, iad sina bhainfidh i dtoghchán 7 Márta.
Sin bun agus barr an scéil.

Cúrsa úr do chúrsaí reatha

Bhí míthuiscint faoi thuairimí Mhanchán Magan ar na mallaibh - bhí daoine ann a chreid go raibh sé ar son an Ghaeilge a chur chun báis.
An rud a bhí á rá aige, dar liom, go raibh sé den tuairim go raibh an Ghaeilge amhail is dá mbeadh sí marbh.
Sea, tá a fhios agam go bhfuil breis is 1.7m duine ar an oileán seo a deir gur cainteoirí Gaeilge iad. Sea, tá a fhios agam go bhfuil fás rabach ar na Gaelscoileanna is eile. Sea, tá a fhios agam go bhfuil Acht Teanga ó dheas, stádas oifigiúil oibre san Eoraip is eile.
Tá a fhios agam is agat é sin. Ach níl a fhios ag RTÉ sin, de réir dealraimh.
Nó dá mbeadh, thuigfeadh an craoltóir náisiúnta go raibh gá le gnéithe i réimse leathan ábhar a phlé trí mheán na Gaeilge.
Ní an Ghaeilge amháin, tuigeann tú, ach ábhair eile ar nós cúrsaí reatha, spóirt is cultúir is ealaíon. Siamsaíocht fiú.
Léiriú a bheadh ann ar úsáid na Gaeilge chun léargas úrnua is éagsúil a thabhairt dúinn ar céard atá ag tarlú ar an saol seo lenár linn.
Díreoidh mise, sa cholún seo, ar chúrsaí reatha. Tá cúrsaí reatha trí mheán na Gaeilge nach mór marbh cé go bhfuil fás nach beag ar líón na ndaoine a labhraíonn Gaeilge agus ar líon na meán inar féidir plé a dhéanamh ar a leithéid.
Bhí sé suntasach, dar liom, nach ndearna ceannaire an Lucht Oibre fiú tagairt don Ghaeilge ina óráid Ard-Fheise ag an deireadh seachtaine. Ní ann don Ghaeilge dar leis - cinnte níl sé chun am a chur amú leis ina óráid spreagtha réamhthoghcháin. Ní raibh feidhm leis aon rud a rá i nGaeilge nó faoin nGaeilge de bharr nach mbeadh aon ardán chun an scéal a bhogadh ar aghaidh ina dhiaidh sin.
Má amharcann tú ar sceideal TG4 nó RTÉ Raidió na Gaeltachta, níl ach corram ann ina mbíonn plé ar an ábhar seo.
Corr-leathuair fhánach anseo agus ansiúd.
Seo ag am ina bhfuil plé 24/7 ar chúrsaí reatha, shamhlófá, ar leithéid RTÉ Raidió 1, (trí Bhéarla, ar ndóigh), agus go mbíonn go leor leor clár cúrsaí reatha ar theilifís RTÉ - The Week In Politics ar an Domhnach, Questions & Answers ar an Luan, Prime Time (agus Prime Time Investigates) ar an Máirt is an Déardaoin, an Late Late Show (agus bíonn plé cúrsaí reatha ar an seó seo, i measc rudaí neafaiseacha eile) ar an Aoine agus Tubridy Tonight, ar ar cuireadh na ceannairí polaitiúla (seachas Trevor Sargent) faoi agallamh, ar an Satharn.
Níl a fhios agam cén fath go bhfuil an bhearna seo ann. An é go bhfuil imní ar shaoistí RTÉ faoi thuairimí radacacha lucht na Gaeilge a bheith á gcraoladh ar na haerthonnta? Cúpla bliain ó shin, dúirt Garda ag comhdháil bhliantúil éigin gur chreid seisean agus a chomhghleacaithe gur ball gníomhach san IRA é gach cainteoir Gaeilge. Cinnte nár mhaith leis na húdaráis aerthonnta a ghéilleadh dá leithéid!
Fiú mura bhfuil sin fíor, níl mórán spáis ar aerthonnta na Gaeilge, ar RTÉ TG4 nó ar RTÉ RnaG, le haghaidh plé ar chúrsaí reatha trí Ghaeilge.
Ar TG4, ní bhíonn ann ach an clár amháin, uair sa tseachtain, 7 Lá. Is maith ann é ar ndóigh.
Ach nach cuimhin linn an ré órga úd nuair a bhí Cúrsaí á chraoladh ó Luan go hAoine ar RTÉ? Sin an cineál seirbhíse atá de dhíth.
Tráth roimhe sin bhí Féach ann agus cé gur cuimhin liom na h-agallaimh théagartha a bhíodh á ndéanamh ag leithéid Proinsias Mac Aonghusa, agus na tuairiscí a rinne Breandán Ó hEithir, ní féidir liom a rá go raibh mé róthógtha leo ag an am, tráth go raibh mé ag freastal ar an mbunscoil seans.
Ach bhí siad ann agus bhí siad le háireamh. Bhíodh polaiteoirí faoi dhiancheistiú ar na cláir. Bhíodh anailís ghéarchúiseach ann.
Anois ní bhfaighfeá a leithéid sin d'anailís ar TG4 - cainéal saor ó anailís atá ann.
Dá mbeadh mo bhealach agam, bheadh 7 Lá ann gach oíche den tseachtain agus foireann tuairisceoirí aige mar a bhí ag Cúrsaí agus ag Féach roimhe.
Cén bunús atá ann leis an dtuairim, atá á cur i bhfeidhm ag RTÉ (nó is é RTÉ a shocraíonn cúrsaí eagarthóireachta cúrsaí reatha i mBaile na hAbhann) go bhfuil níos lú éilimh ann ar chláira sa réimse seo ag am go bhfuil níos mó Gaeilgeoirí ann?
An gcreideann saoistí Bhaile na hAbhann gur fearr, mar shampla, clár ar nós Irish Paint Magic ná leathuair sa bhreis a bheith ag 7 Lá chun plé ceart a dhéanamh ar chúrsaí reatha?
Tá na daoine atá ag saothrú i ngort na gcúrsaí reatha ar TG4 ag déanamh a ndíchill - agus tá moladh tuillte acu - ach is cosúil nach bhfuil aon tuiscint ag saoistí an stáisiúin nó ag a saoistí siúd i nDomhnach Broc ar an ngoile atá ann do chláir a dhíríonn ar mhórcheisteanna an lae agus a dhéanann iad a phlé.
Mar a chéile an scéal ar an raidió, tar éis Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, is beag plé a dhéantar ar chúrsaí reatha ar chlár ar bith.
Cé nach séanfar anseo gur clár nuachta den scoth é Adhmhaidin, ní hionann sin is gur clár cúrsaí reatha é. Toisc gur clár nuachta é, ní féidir an t-am céanna a thabhairt do chúrsai reatha is a thabharfaí do ar sheónna leithéid Pat Kenny, Joe Duffy, Drivetime le Mary Wilson agus Vincent Browne ar RTÉ Raidió 1. Tuairim is sé huaire an chloig gach lá de chláir chúrsaí reatha. Ní feidir liom a rá go gcreidim gur cláir den scoth iad. Ach tá siad ann.
Agus anuas ar sin, caithfear nuacht ó na Gaeltachtaí éagsúla a chur san áireamh. Go minic bheadh mír ann faoi cheist áitiúil éigin, nach mbeadh suim ann ach go háitiúil sa Ghaeltacht ina raibh sé dírithe - agus ina dhiaidh sin bheadh agallamh ann faoi cheist náisiúnta nó idirnáisiúnta.
Ina dhiaidh sin ar sceideal RTÉ RnaG, níl aon chlár dírithe ar chúrsaí reatha cé go ndéanann foirne léirithe Barrscéalta iarracht mhaith an bhearna a líonadh trí scéalta ar chúrsaí an Tuaiscirt a phlé ar bhealach níos doimhne ná mar a dhéantar ar Adhmhaidin. Níl aon rud i gceist ach go bhfuil beagáinín nios ama ag Barrscéalta ná mar atá ag clár nuachta le díriú ar gach scéal, rud a léirigh siad go héifeachtach, mar shampla, le clár den scoth ar chomóradh 25 bliain na stailceanna ocrais anuraidh.
Cuid tábhachtach de sceideal RTÉ RnaG an riar a dhéanann siad ar na pobail Ghaeltachta ach ní fhágann sin mórán aerspáis don phlé ar chúrsaí náisiunta is idirnáisiúnta, ábhair a bhfuil spéis ag pobail na Gaeltachta iontu an oiread is atá ag pobal na Gaeilge cibé áit ina bhfuil siad.
Sin an fáth go gcreidim go bhfuil gá le stáisiún ar nós Raidió 1 trí Ghaeilge.
Cuid den údar leis sin go bhfuil an dream ag mo chomhaois féin, a d'fhás aníos ag lorg 2FM na Gaeilge, tar éis athrú - forbairt? - agus go bhfuil rud éigin éagsúil á lorg againn anois. Ghlac an feachtas chomh fada.
Beag an dóchas atá agam go mbeadh a leithéid ann i bhfianaise dhearbhú RTÉ le déanaí nach mbeadh 2FM na Gaeilge ar na gcainéil digiteachta a bheadh á dtairiscint ag an gcraoltóir náisiúnta. Feachtas aon fhir m'fheachtas faoi láthair, agus níor mhaith liom scór blianta a chaitheamh leis.
Nílim gan dóchas. Tá riar maith á dhéanamh ag leithéid Fáílte 107.1FM ar chúrsai reatha, cé go bhfuil siad gan na hacmhainní atá ag RTÉ agus tá moladh ag dul freisin do Raidió na Life.
Nílim gan phlean ach oiread. Mar, inniu, ar www.nuacht.com, seolfar clár plé úr, dírithe ar pholataíocht is ar chúrsaí reatha, Vóta 007. Fóram a bheidh anseo do phlé ar chúrsaí reatha, na toghcháin thuaidh is theas i mbliana ar dtús, agus toghcháin is conspóidí eile ina dhiaidh sin.
Tá bearna fagtha sa mhargadh agus ní mór an bhearna sin a líonadh anois.

Tionchar ón dtaobh eile ar an olltoghchán

Ba am maith seachtain na Nollag chun tuarascáil Moriarty a fhoilsiú.
Deireadh na bliana. Tuirse. Ag fanacht ar San Nioclas.
Agus, ar ndóigh, an-chuid bronntanas sa Cháinaisnéis. Ní amháin Bertie Ahern, ach caithfidh na ceannairi polaitíochta uile a shocrú go luath anois cén aird a chaithfear a thabhairt ar Moriarty, agus cén bhaint atá aige seo leis an gcóras polaitíochta feasta.
Sé an rud is suntasaí faoi FF agus Moriarty, ná an ciúnas, i dtaobh 9 bliain de scothoibre, taithníodh a bhfuil ann linn no leo, FF, ná ná taithníodh.
An mbeifeá ag súil go labharfadh an páirti anois faoin tsaint is faoin chaimiléireacht a léirigh baill shinsearacha den pháirtí le blianta fada, le linn saol iomlán óige na tíre?
Go bhfios dom, níor labhair oiread is duine amháin amach, faoi gur chuir CJH a chrúba ar chiste leighis Lenihan, ná gur bhain CJH mí-úsáid as liúntas oifigiúil An Taoisigh. An bhfuiltear ag moladh dúinn gur binne béal ina thost? Agus gur cheart d’iriseoirí an cleas céanna a dhéanamh? Ní leigheas é an ciúnas ar aon ní, ach seans a thabhairt don bhfreasúra dul i lár an aonaigh leis an ábhar.
Tugadh deis do Enda Kenny labhairt. “Cultúr na caimiléireachta, agus mí-úsáid airgead an phobail” a thug se air.
Bhi an phaidir chéanna ag Pat Rabbitte, ag rá gur cáineadh uafásach é Moriarty ar CJH, agus freisin ar an gcóras agus an cultúr polaitíochta i FF sna blianta ina raibh se i gceannas.Agus tugadh aird ar leith ar na seiceanna bána a bhí sínithe ag Bertie Ahern, ní nach luifidh go réidh leis, más toil leis an bhfreasúra é, le linn an fheachtais, chomh maith, dar ndóigh, leis na híocaíochtaí a fuair sé féin, tamall de bhlianta ó shin.
Tá fearg agus olc ar Ahern faoi seo, agus tá imní ar FF faoi.
Gan dabht, beidh Ahern ag rá go bhfuil dream áirithe ann atá ag iarraidh scian a chur ann. Bhuel, bíodh nó ná bíodh, tharla ar tharla, agus is cuid den stair anois é!
Ní leor an t-ardú tacaíochta a fuair Ahern, díreach ina dhiaidh sin, óir d’fhéadfaí tiontú eile a bhaint as an scéal sin, agus tá Bertie sách cliste agus sách glic chun an méid sin a thuiscint go maith. B’ait an toradh a bhí ar scéal na n-íocaíochtai: Bertie in airde sna pobalbhreitheanna, agus Kenny agus Rabitte sa lag-pholl.
Tá jab mor le déanamh ag an mbeirt sin roimh mhí na Bealtaine. Tá i bhfad Éireann níos mó i gceist in olltoghchán ná cúrsaí eacnamaíochta agus fostaíochta, óir is beag má tá aon difríocht idir aon pháirtí sa Dáil i dtaobh na nithe éasca sin.
Tá nithe ar nós cultúr na tíre sa bpolaitíocht, agus sa saol poiblí. Macántacht agus an fhírinne, agus dea-shampla don óige.
Theip ar Dukes, ar Bruton agus ar Noonan an teacht-aireacht sin a chraobhscaoileadh. Agus theip orthu freisin a mhíniú don phobal go bhfuil sé de cheart ag gach ball den phobal a bheith ag súil agus ag éileamh na macántachta ó gach ball tofa de Dáil Éireann.
Ná déan dearmad gur toghadh P Rabbitte mar Cheannaire ar an Lucht Oibre, ag na baill, chun FF a chur as oifig.Ag Comhdháil den pháirti sin, glacadh go tréan leis an moladh sin.
Is botún mór anois é do Rabbitte a a bheith ag scríobadh a mhullaigh is ag smaoinigh gur labhair sé go róluath, b'fhéidir, agus nár smaoinigh se ar an leas náisiúnta, agus gur cheart dó athmhachnamh a dhéanamh!
Rinne Ruairi Quinn praiseach an babhta déanach, agus d'fhág sé Noonan sa pholl portaigh, nuair nach ndúirt sé go cruinn, baileach cén plean a bhí acu…..ach , bhuel, ní raibh aon phlean acu!
Agus níor tugadh malairt rogha don phobal.
Cen bhaint atá aige seo uile le Moriarty, deir tu!
Bhuel, tá agus beidh.
Beidh an pobal ag coinneáil súil ghéar ar an bhfreasúra féachaint an bhfuil said sách macánta agus misniúil freisin, le ligean isteach i gceannas na tíre. Tá obair mhór déanta ag Moriarty… chaith sé naoi mbliana fada crua leis an togra.
Cinnte tá sé dlite dó, agus don phobal a d’íoc as, go bpléifí go cúramach, go stuama, go macánta, go fírinneach a bhfuil inti istigh inti.

Páirc an Chrócaigh is meon an gharastúin

Níl áireamh ar an líon uaireannta ar mbaineadh úsáid as 'stairiúil' le cur síos a dhéanamh ar ócáid an lae inné i bPáirc an Chrócaigh, an chéad chluiche rugbaí ar thalamh choisricthe na gcluichí dúchasacha Gaelacha.
An t-údar le labhairt ar thalamh 'choisricthe' nó gur doirteadh fuil ann nuair a rinne fórsaí na Breataine ionradh ar an bpáirc ar Dhomhnach na Fola, agus nuair a scaoil siad marbh na himreoirí iomána, Mícheál Ó hÓgáin agus Seamus Mac Aogáin. Maraíodh seisear san iomlán, buachaillí óga 10 bliain d'aois agus 11 bliain d'aois ina measc.
Fórsaí an gharastúin Bhriotanaigh a rinne an slad seo, agus riamh in Éirinn áiríodh gur cluiche de chuid an gharastúin é rugbaí. Ceanglaíodh an dá rud in aigne go leor Gael agus, mar sin, níor cheart go mbeadh iontas ar dhaoine gur ghlac sé chomh fada an chéim chinníunach a chonaiceamar inné a bhaint amach.
Bhí sé le léamh ar chuid de na tráchtaireaachtaí a scríobhadh ar an gcluiche inné gur léirigh sé dul chun cinn CLG agus a leithéid. Níl sé sin cothrom ar an gCumann, arbh é an t-eagras is mó a bhfuil dul chun cinn léirithe aige i ngach réimse den imirt ón am ar bunaíodh é in 1884.
Léiriú nua-aimseartha é seo ar mheon an gharastúin, amhail is go raibh ar an CLG forbairt is fás le bheith inchurtha lena gceannáras a chur ar fáil do lucht rugbaí.
An rud is tábhachtaí, áfach, go raibh ócáid spórtúil ann inné i bPáirc an Chrócaigh agus, má tá pointe polaitiúil le déanamh faoi, is é sin go bhfuil lucht an gharastúin ag aithint, faoi dheireadh, agus den riachtanas, go bhfuil Éire úr ann anois ina bhfuil na claonta a bhí acu ‘as dáta’ agus ‘gan feidhm’.
Tá fáilte rompu i bPáirc an Chrócaigh chomh fada is go bhfágann siad an meon garastúnach sa bhaile.