Wednesday 28 February 2007

Easpa físe ag páirtithe don Ghaeilge

Fís dá laghad do thodhchaí na Gaeilge níor léiríodh ag an gceardlann a reachtáil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Atha Cliath, inné, le deis a thabhairt d'ionadaithe ó na páirtithe éagsúla fís dá leithéid a chur chun cinn.
Go deimhin, is é easpa físe agus straitéise na bpáirtithe éagsúla scéal mór na hócáide. Tá sé amhail is nach bhfuil siad ag tabhairt am ar bith don Ghaeilge chun scagadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí.
Cinnte, má chuirtear ceist orthu, tá siad ar a son. Ach tá siad ar son naomhú Mháthair Treasa fosta. Agus tá siad ar son slisíní aráin.
D'fhoilsigh an rialtas cáipéis físe roimh an Nollaig a leag síos mar sprioc go mbeadh Éire ina tír dhátheangach faoi 2028. Go fóill, áfach, ní raibh a gcéad chruinniú ag Fóram na Gaeilge, an bord comhairleach a cheap an tAire le tabhairt faoi straitéis a dhréachtú leis an fhís seo a fhíorú. Beidh an t-ádh linn má éiríonn leo obair fhiúntach ar bith a dhéanamh roimh an olltoghchán agus cá bhfios cad a tharlóidh ina dhiaidh sin.
Léiriú ar an bhearna mhór sa phlé faoi cheisteanna Gaeilge an útamáil ar fad atá ar bun faoi Ionad Náisiúnta Oideachais don Ghaeilge a lonnú i gColáiste Íosagáin i mBaile Mhuirne. Ag ócáid an lae inné, dúirt an tAire Ó Cuív go raibh roghanna eile ann seachas seo, ag tabhairt le fios mar sin go raibh an rialtas ag tarraingt siar ón dtionscnamh.
Is féidir nach bhfuil an tAire ar a chompord le moladh go lonnófaí tionscnamh náisiúnta Gaeilge i dtoghcheantar nach Gaillimh Thiar é, i mbéal olltoghcháin. Tá dílárú is dílárú ann, tá's agat.
Tá gá le hacmhainní don earnáil oideachais Ghaeilge. Tá ríghá le téacsleabhair i réimse ábhar ó leibhéal an bhunoideachais ar aghaidh.
Tá gá freisin le taighde a dhéanamh ar mhodhanna nua-aimseartha oideachais lena chinntiú go mbeidh deis ag earnáil an oideachais Ghaeilge is trí Ghaeilge bheith ar comhchéim le hearnálacha eile.
Ionad Náisiúnta Oideachais Ghaeilge an uirlis is fearr chun na spriocanna seo is eile a bhaint amach.
Cad chuige an tarraingt cos?

No comments: