Monday 5 March 2007

Tábhacht le gach vóta sna caismirtí inmheánacha thuaidh

Dún Thuaidh
Tá seisear ionadaithe Aontachtacha ag an toghcheantar seo. Beirt DUP, beirt UUP, Bob Mc Cartney don UKUP, agus duine ón Alliance.
Dhúbail an DUP a vóta anseo i dtoghchán na gcomhairlí agus tá siad muiníneach go dtig leo suíochán breise a thógáil ón UUP.
Peter Weir, iarUUP, ceannaire a bhfoirne agus ina chuideachta beidh Alan Graham agus Alex Easton. An-sheans acu an tríú suíochán a thabhairt leo.
Alan Mc Farlane an t-iarrthóir is aitheanta ag an UUP agus beidh suíochán aige sin gach seans.
Ach thiocfadh leis an bheirt iarrthóirí eile UUP, Leslie Cree agus Marion Smith, a bheidh thíos leis má éiríonn leis an DUP suíochán breise a bhaint.
Seo toghcheantar an Alliance le blianta fada agus, bíodh is nach mbeidh Eileen Bell ag seasamh, ba mhór an t-iontas mura choinnigh Stephen Farry suíochán don Alliance.
Agus Bob Mc Cartney?
Rinneadh scrios ar a pháirtí sa toghchán deiridh ach tá proifíl aige agus aird ag go leor daoine air agus ba cheart go mbeadh suíochán s’aige slán.
Má bhaintear tuisle as aon duine de na móriarrthóirí tá Liam Logan ón SDLP dóchasach go dtig leis tairbhe a bhaint as.
Ach tá Barney Rowan (Neamhspleách), iar-chomhfhreagraí slándála an BBC, san iomaíocht agus thiocfadh leis sin a bheith sa reicneáil dá dtarlódh a leithéid.

An tIúr / Ard Mhacha
Triúr do Shinn Féin, duine amháin don SDLP, don UUP agus don DUP.
Sin mar a bhí i 2003.
Beidh Sinn Féin faoi bhrú anseo, nó tá scothiarrthóir breise ag an SDLP, Sharon Haughey.
Déanfaidh sise agus Doiminic Ó Brollacháin vóta mór a thabhairt amach don SDLP.
An leor é chun suíochán a bhaint ar ais ó Shinn Féin?
Seans.
Tá Davy Hayland, iarbhall tionóil Shinn Féin, ag seasamh mar neamhspleách ach ní léir go ndéanfaidh sé dochar mór do Shinn Féin.
Is mó a bheidh Sinn Féin thíos leis an athrú pearsanra go luath roimh an toghchán nó, mar aon le himeacht Davy Hyland, níor toghadh iarbhall eile tionóil, Patricia O’Rawe. Bean ar bith ar an ticéad agus triúr fear, Conor Murphy, Mickey Brady agus Cathal Boylan.
Beidh obair acu dúshlán an SDLP a shárú ach tá an-chumas i Conor Murphy agus a fhoireann. Beidh troid fhíochmhar idir Sinn Féin agus an SDLP don cheathrú suíochán úd agus ní féidir a thuar cé a bhainfidh.
Ní iarrthóir de chuid an DUP é Paul Berry níos mó. Beidh sé ag seasamh mar iarrthóir neamhspleách an iarraidh seo agus gach seans go gcaillfidh sé a shuíochán do William Irwin ón DUP. Beidh an séú suíochán ag Danny Kennedy ón UUP.

Tír Eoghain Thiar
I 2003 thogh siad beirt ionadaithe Shinn Féin, duine ag an DUP, duine ag an SDLP, Kieran Deeney, iarrthóir ar cheist an ospidéil, agus duine ón UUP.
An uair seo roghnaigh an SDLP dochtúir le bheith ar thicéad s’acu, Dr Josephine Deehan, agus iad ag iarraidh suíochán Kieran Deeney a fháil.
Tá an-seans acu.
Rud a thabharfadh dhá shuíochán don SDLP.
Ach ba cheart go mbeadh Barra Mac Giolla Duibh agus Pat Doherty in ann an dá shuíochán atá ag Sinn Féin a choinneáil acu.
Gan athrú i dtaobh an DUP, ionadaí amháin agus an UUP, ionadaí amháin.
Dún Theas
Beirt do Shinn Féin an mórscéal anseo i 2003, nó ba é seo dún de chuid an SDLP riamh. Thóg an SDLP dhá shuíochán an t-am sin agus thóg an DUP is an UUP suíochán amháin.
An iarraidh seo tá Caitríona Ruane agus Willie Clark den tuairim go dtiocfadh le Sinn Féin cur lena vóta. Eamann Mac Con Mhíde an tríú hiarrthóir ag Sinn Féin ach is beag seans go mbeidh méadú chomh mór ar a vóta go gdtiocfadh leo trí shuíochán a thógáil leo.
Tá an SDLP den tuairim go dtig leo suíochán a thógáil ó Shinn Féin agus tá a bhfoireann, Margaret Ritchie, PJBradley agus Michael Carr, i bhfad níos eagraithe ná mar a bhí 2003.
Ach gach seans go bhfanfaidh cúrsaí mar atá, beirt ag Sinn Féin, beirt ag an SDLP, duine amháin ag an DUP, Jim Wells agus duine ag an UUP, John Mc Allister. Thiocfadh do shuíochán an UUP a bheith faoi bhagairt ó William Burns, dara hiarrthóir an DUP, go háirithe má tá an taoide ar an lá leis an DUP in áiteanna eile.

Banna Uachtar
68,000 vótóir a thoghfaidh seisear ionadaithe anseo. An t-am deiridh, thogh siad beirt UUP, David Trimble agus Samuel Gardiner, beirt don DUP, John O’Dowd do Shinn Féin agus Deirdre Kelly ón SDLP.
Seans maith ag an DUP suíochán a ghoid ón UUP anseo. Tá lagmhisneach ar an UUP sa toghcheantar seo mar gheall ar gach a bhain le scéal truamhéalach David Trimble. Tá ardmhisneach ar an DUP. Triúr a bheidh san iomaíocht don DUP, David Simpson, Stephen Moutary agus Hopkins Mc Crum. Beidh obair ag an UUP, Samuel Gardiner, George Savage agus Arnold Hatch, a dhá suíochán a choinneáil.
Tá Bríd Rodgers i gceannas ar an fheachtas SDLP an iarraidh seo, rud a láidreoidh an páirtí agus ba cheart go mbeadh suíochán arís eile ag Dolores Kelly.
Ach tá vóta láidir ag Sinn Féin sa cheantar anois agus ba cheart go mbeadh suíochán ag an fheisire s’acu John O’Dowd.

Doire Thoir
Tá 56,000 vótóir anseo. I 2003, toghadh beirt de chuid an DUP, beirt de chuid an UUP, duine amháin le Sinn Féin agus duine amháin leis an SDLP.
Seo toghcheantar Gregory Campbell agus mar gheall ar a phroifíl siúd agus a chlú mar pholaiteoir éifeachtach toghcheantair ba cheart don DUP coinneáil nó fiú cur lena vóta. Mhéadaigh a vóta 8.7% sa toghchán 2003 agus má threisíonn sé arís, d’fhéadfadh suíochán de chuid an UUP a bheith i mbaol.
Roghnaigh an UUP beirt iarrthóirí nua an iarraidh seo féachail le vótóirí breise a mhealladh, David Mc Clarty agus Edwin Stevenson. Ach beidh siad breá sásta más féidir leo an dá shuíochán a choinneáil agus gan ceann acu a chailleadh don DUP.
Bhain Sinn Féin geit as gach duine an t-am deiridh nuair a thóg Francie Molloy suíochán leis.
Bhí sé giota maith chun tosaigh ar John Dallat, SDLP, a thóg leis an suíochán deiridh.
Billy Leonard, iarphéas, atá mar chompánach ag Francie Brolly an iarraidh seo agus ba cheart go mbeadh vóta níos airde ag Sinn Féin ach gan go leor acu chun suíochán John Dallat a chur faoi bhrú.
Cuid mhór ag brath áfach ar aistriúcháin - cén tionchar a imreoidh cinneadh Shinn Féin faoi chúrsaí póilíneachta ar cheist na n-aistriúchán? Ní fios ach i dtoghcheantair mar seo, d’fhéadfadh sé tionchar mór a imirt.

Fear Manach - Tír Eoghain Theas
Toghadh beirt do Shinn Féin anseo an t-am deiridh, mar aon le beirt don DUP, duine amháin don UUP agus duine amháin ag an SDLP.
Michelle Gildernew agus Gerry Mc Hugh an bheirt iarrthóirí ag Sinn Féin agus ainneoin go mbeidh siad faoi bhrú ó Gerry Mc Geogh, atá ag seasamh ar ardán frithPSNI, ba cheart go mbeadh an dá shuíochán arís ag Sinn Féin.
Ní léir cá mhéad vóta a shaothróidh Gerry Mc Hugh, duine de na hiarrthóirí frithShinn Féineach is aitheanta, ach is beag seans go saothródh sé go leor chun suíochán a bhaint.
Tá an DUP ag déanamh dul chun cinn anois sa toghcheantar seo, a bhíodh tráth ina dhún ag an UUP.
Maurice Morrow agus Arlene Foster an bheirt iarrthóirí DUP agus ní baol do cheachtar acu.
Tá cuóta go cinnte ag an UUP agus ba cheart go bhfaigheadh Tom Elliott an cúigiú suíochán dá bharr.
Agus beidh sé idir Tommy Gallagher agus Vincent Currie chun an suíochán deiridh a thógáil don SDLP.

Aontroim Thuaidh
Suim mhór i dtoghcheantar Ian Paisley. An t-am deiridh, toghadh triúr de chuid an DUP, duine amháin leis an UUP, agus an t-iontas is mó Philip Mc Guigan ó Shinn Féin sa chúigiú háit, chun tosaigh ar Sean Farren ón SDLP.
Thug roinnt comhairleoirí de chuid an DUP le fios nach mbeidh siad ag stocaireacht ar son an pháirtí mar gheall ar a míshuaimhneas faoi Chomhaontú Cill Rímhinn. Agus thug Davie Tweed, comhairleoir aitheanta eile sa toghcheantar, le fios nach dtiocfadh leisean tacú leis an DUP a thuilleadh. An imreoidh seo mórán de thionchar ar an vóta DUP? Ní dócha. Cinnte le Dia go gcoinneoidh Ian Paisley a vóta agus fiú go gcuirfidh sé leis. A mhac, Ian Óg agus Mervyn Storey an bheirt iarrthóirí eile DUP agus tiocfaidh siad sin slán.
Ach bainisteoireacht vóta a dhéanamh go stuama, thiocfadh leis an DUP a bheith san iomaíocht don cheathrú suíochán dá n-iarrthóir Deirdre Nelson ach ba dheacair acu vóta Ian Paisley a shrianú oiread is go mbeadh ceithre cuóta acu.
In éagmais sin, beidh suíochán ag an UUP, Robert Coulter.
Beidh troid fhíochmhar idir náisiúnaigh agus neamhspleáchaigh don dá shuíochán deiridh.
An t-am deiridh bhí Philip Mc Guigan SF chun tosaigh ar Sean Farren SDLP.
Tá Daithí Mc Kay ag seasamh ar son Shinn Féin an t-am seo.
Níl oiread aithne air is a bhí ar Philip Mc Guigan ach ba cheart go mbeadh cuóta ag Sinn Féin.
Orla Black atá ag seasamh don SDLP seachas Sean Farren agus ba cheart go mbeadh an vóta SDLP is Sinn Féin láidir go leor chun an cúigiú is an séú suíochán a thógáil ainneoin go leor iarrthóirí neamhspleácha a bheith ann.

Béal Feirste Thoir -
Ag an toghchán deireanach bhí beirt ag an DUP, beirt ag an UUP, duine amháin ag Alliance agus David Ervine, an t-aon ionadaí de chuid an PUP.
Tá an DUP ag cosaint an dá shuíochán atá acu anseo, Peter Robinson agus Robin Newton.
Beidh leo.
Tá an DUP fosta ag iarraidh suíochán breise a thógáil.
Gach seans go dtógfaidh Wallace Brown an suíochán a bhí roimhe seo ag David Ervine. Tá an UUP dóchasach go mbeidh siad san iomaíocht do shuíochán David Ervine fosta agus tá triúr iarrthóirí láidre acu, Reg Empey, Michael Copeland agus iar-Ard-Mhéara Bhéal Feirste Jim Rodgers.
Ach is mó seans go mbainfidh an DUP suíochán Ervine, go mbeidh an UUP fágtha leis an dá shuíochán atá acu faoi láthair, Reg Empey agus Michael Copeland, agus go mbeidh an séú suíochán ag an Alliance mar a bhí acu roimhe seo, Naomi Long.
Ba cheart go saothródh Dawn Purvis, PUP, comharba David Ervine, go leor le bheith san iomaíocht i gceart le Naomi Long don suíochán deiridh sin.
Gheobhaidh Niall Ó Donghaile, iardhálta de Bhunscoil Phobal Feirste, go leor vótaí do Shinn Féin ach níl oiread vótaí náisiúnacha ann fós is a bhainfeadh cuóta amach do náisiúnach sa toghcheantar seo fós.

Thursday 1 March 2007

Cuirtear múineadh ar na craoltóirí

Níl ach lá le dul go dtí an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí ón bpobal faoi Acht na Gaeilge thuaidh, agus moltar do gach léitheoir aischothú a chur ar fáil faoin gcáipéis in am - agus moladh dá chairde amhlaidh a dhéanamh.
Ní minic a fhaightear deis den sórt seo - ionchur a bheith againn i múnlú reachtaíochta chomh stairiúil is chomh tábhachtach is atá Acht na Gaeilge.
Mar atá ráite roimhe seo sa nuachtán seo, is é an fáth go bhfuil a leithéid de reachtaíocht tábhachtach go bhféadfadh sé a bheith ina crann taca do phobal na Gaeilge is é ag lorg seirbhísí ó na húdaráis, seirbhísí a chuideoidh leis ó lá go lá a saol a chaitheamh i nGaeilge.
Tá bearnaí suntasacha sa phlécháipéis a d’eisigh an Roinn Cultúir, Ealaíón is Fóillíochta (RCEF), nó ní chuireann sé san áireamh an craolachán, mar shampla.
Dá mbeadh dualgas reachtúil ar chraoltóirí seirbhísí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, is cinnte go mbeadh próifíl i bhfad níos airde ag an teanga i measc an phobail, thuaidh.
Mar atá sé, déanann na húdaráís iarracht a chur in iúl, ar iliomad bealaí éagsúla, gur teanga faoi thalamh í an Ghaeilge, nach labhraítear í ach chun cur as do na húdaráis. Ní hé sin mar atá, agus léiríodh sin go soiléir Dé Sathairn seo caite le hollléirsiú ar shráideanna Bhéal Feirste.
Léirigh an BBC, an príomhchraoltóir thuaidh, agus ná ligtear dearmad ar fhaillí RTÉ ach an oiread, an fuacht seo trína faillí nó ní dhearna siad aon tuairisc ar an mhórimeacht ar na príomhchláir nuachta. Beag an plé atá déanta ach an oiread ar Acht na Gaeilge ar phríomhchláir an stáisiúin.
Má theastaíonn uait múineadh a chur ar an BBC is ar na húdaráis, tapaigh do dheis agus seol aighneacht faoi Acht na Gaeilge chuig RCEF roimh an Aoine.

Wednesday 28 February 2007

Easpa físe ag páirtithe don Ghaeilge

Fís dá laghad do thodhchaí na Gaeilge níor léiríodh ag an gceardlann a reachtáil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Atha Cliath, inné, le deis a thabhairt d'ionadaithe ó na páirtithe éagsúla fís dá leithéid a chur chun cinn.
Go deimhin, is é easpa físe agus straitéise na bpáirtithe éagsúla scéal mór na hócáide. Tá sé amhail is nach bhfuil siad ag tabhairt am ar bith don Ghaeilge chun scagadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí.
Cinnte, má chuirtear ceist orthu, tá siad ar a son. Ach tá siad ar son naomhú Mháthair Treasa fosta. Agus tá siad ar son slisíní aráin.
D'fhoilsigh an rialtas cáipéis físe roimh an Nollaig a leag síos mar sprioc go mbeadh Éire ina tír dhátheangach faoi 2028. Go fóill, áfach, ní raibh a gcéad chruinniú ag Fóram na Gaeilge, an bord comhairleach a cheap an tAire le tabhairt faoi straitéis a dhréachtú leis an fhís seo a fhíorú. Beidh an t-ádh linn má éiríonn leo obair fhiúntach ar bith a dhéanamh roimh an olltoghchán agus cá bhfios cad a tharlóidh ina dhiaidh sin.
Léiriú ar an bhearna mhór sa phlé faoi cheisteanna Gaeilge an útamáil ar fad atá ar bun faoi Ionad Náisiúnta Oideachais don Ghaeilge a lonnú i gColáiste Íosagáin i mBaile Mhuirne. Ag ócáid an lae inné, dúirt an tAire Ó Cuív go raibh roghanna eile ann seachas seo, ag tabhairt le fios mar sin go raibh an rialtas ag tarraingt siar ón dtionscnamh.
Is féidir nach bhfuil an tAire ar a chompord le moladh go lonnófaí tionscnamh náisiúnta Gaeilge i dtoghcheantar nach Gaillimh Thiar é, i mbéal olltoghcháin. Tá dílárú is dílárú ann, tá's agat.
Tá gá le hacmhainní don earnáil oideachais Ghaeilge. Tá ríghá le téacsleabhair i réimse ábhar ó leibhéal an bhunoideachais ar aghaidh.
Tá gá freisin le taighde a dhéanamh ar mhodhanna nua-aimseartha oideachais lena chinntiú go mbeidh deis ag earnáil an oideachais Ghaeilge is trí Ghaeilge bheith ar comhchéim le hearnálacha eile.
Ionad Náisiúnta Oideachais Ghaeilge an uirlis is fearr chun na spriocanna seo is eile a bhaint amach.
Cad chuige an tarraingt cos?

Monday 26 February 2007

Suíochán ar shuíochán

1 - Aontroim Theas
Ceantair tuaithe don chuid is mó é seo ach tá roinnt bailte istigh ann agus ceantair mhór eastait tithíochta ar nós Baile na Mainistreach san áireamh fosta.
Tá cúig bhall tionóil aontachtach anseo agus náisiúnach amháin.
William Clyde agus Paul Girvan an bheirt bhall thionóil DUP, David Burnside agus Jim Wilson an bheirt ag an UUP, Tommy Burns ag an SDLP agus is le David Ford, ceannaire an Alliance an séú suíochán.
An tOir Wille Mc Crea príomhiarrthóir an DUP agus cuideachta aige ó Trevor Clarke agus Mel Lucas.
David Burnside, príomhiarrthóir an UUP agus ina chuideachta siúd Danny Kinahan agus Stephen Nicholl, beirt chomhairleoirí UUP.
Tá dhá shuíochán DUP sábháilte agus gach cuma ar an scéal go mbeidh dhá shuíochán an UUP sábháilte.
Troid tríbhealach a bheith ann don dá shuíochán deiridh idir Tommy Burns, SDLP, Mitchell Mc Laughlin, Sinn Féin, agus David Forde, Alliance.
Tá Sinn Féin ag teacht i dtreise sa cheantar seo agus bua breise dóibh go mbeidh Mitchell Mc Laughlin ag seasamh ar a son.
Is mó vótaí dara rogha a mheallfaidh seisean ná mar a mheall Martin Meehan an t-am deiridh.
Agus gach seans go gcuideoidh cinneadh Shinn Féin faoi phóilíneacht chun vótaí dara rogha a mhealladh.
Tá an SDLP láidir go leor sa toghcheantar chun cuóta a bhaint amach, agus is é David Forde, ceannaire an Alliance, is mó atá i mbaol.
Cúpla scór nó cúpla céad vóta a shocróidh cúrsaí ag deireadh agus ba dhána an mhaise do dhuine ar bith a thuar cé a thógfaidh an dá shuíochán deiridh sin.

2 - Feabhall
Tá Sinn Féin ar chos cúil anseo nó tá an SDLP cathréimeach i ndiaidh dóibh suíochán Mark Durkan a choinneáil ag toghchán Westminster agus imeacht Mitchell Mc Laughlin amach as an toghcheantar.
I 2003 bhain Mark Durkan, Pat Ramsay agus Mary Bradley trí shuíochán agus beidh an triúr acu sin ag seasamh arís eile. Ba cheart go gcoinneodh an SDLP an trí shuíochán sin.
Raymond Mc Cartney an príomhiarrthóir ag Sinn Féin agus é i gcuideachta Martina Anderson agus Lynn Fleming, iar-Ard-Mhéara. Seans go mbeidh titim ar vóta Shinn Féin nó déanfaidh iarrthóirí frithPSNI, sóisialach, agus eile dochar éigin dóibh.
Ach ba cheart go gcoinneodh Sinn Féin an dá shuíochán nó bhí 32% den vóta acu an t-am deiridh.
Ba cheart go gcoinneodh Willie Hay suíochán an DUP ainneoin dúshláin mhór ó Peter Munce ón UUP.
Mar sin - athrú ar bith i bhFeabhall, 3 SDLP, 2 SF agus 1 DUP.

3 - Gleann an Lagáin
Lios na gCearrbach an baile is mó anseo ach tá codanna de Bhéal Feirste Thiar, mórcheantair náisiúnacha Cill Uaighe agus an Poll Glas, san áireamh fosta.
Jeffrey Donaldson, Nora Beare agus Billy Bell a thóg trí shuíochán an UUP i 2003, Edwin Poots an t-aon suíochán DUP, Seamas Close a thóg suíochán don Alliance agus Patricia Lewsley a bhain suíochán don SDLP.
D’imigh Jeffrey agus Nora Beare chuig an DUP ó shin, rud a chiallaíonn go bhfuil trí shuíochán ag an DUP.
Trí shuíochán atá slán sábháilte an iarraidh seo.
An mhórcheist, an dtiocfadh leis an DUP an ceathrú suíochán a bhaint agus tógáil ar mhórtharraingt Jeffrey Donaldson.
Beidh Billy Bell, iar-MLA an UUP agus Basil Mc Crea ag iarraidh dhá shuíochán a bhaint don UUP ach gach seans nach bhfaighidh siad ach ceann amháin agus go mbeidh suíochán breise ag an DUP.
Bhíodh Seamas Close ina ball tionóil don Alliance ach ní bheidh seisean ag seasamh an iarraidh seo. Ach ba cheart go mbeadh Trevor Lunn, Ard- Mhéara Lios na gCearrbhach, in ann an suíochán Alliance a choinneáil.
Ach is é is suimiúla sa toghcheantar seo ná an troid idir an SDLP agus Sinn Féin.
D’éirigh ball tionóil an SDLP, Patricia Lewsley as agus thug an SDLP bean óg ó Chontae an Dúin, Marietta Farrell isteach chun troid don suíochán.
Ach ia beag aithne uirthi agus crothnóidh an SDLP proifíl agus tarraingt Patricia Lewsley.
An dtiocfaidh vótóirí SDLP amach don iarrthóir nua seo?
Seans nach dtiocfaidh oiread amach is a tháinig roimhe agus cruthóidh sin seans maith do Paul Butler ó Shinn Féin.
Fuair Paul Butler vóta níos airde ná Patricia Lewsley an iarraidh dheireanach ach ceal vótaí dara nó tríú rogha níor éirigh leis.
An mó vótaí dara rogha a bhfaighidh Paul Butler an uair seo, go háirithe mar gheall ar Ard-Fheis na póilíneachta?
Seans maith ag Sinn Féin suíochán breise a thógáil anseo.

4 - Lár Uladh
An Corr Críochach agus Machaire Fíolta atá ar na bailte is mó sa toghcheantar seo. Martin Mc Guinness, Gearaldine Dougan agus Francie Molloy a thóg trí shuíochán do Shinn Féin an iarraidh dheiridh.
Thiocfadh dó go mbeidh drochthionchar ag an rírá faoi phóilíneacht ar vóta Shinn Féin sa toghcheantar seo agus nach dtiocfaidh oiread vótóirí amach agus a bhí dréim acu leis dá bharr.
Ina dhiaidh sin ba cheart go mbeadh an trí shuíochán seo sábháilte, bíodh is go mbeidh Michelle O’Neill ag seasamh in áit Geraldine Dougan. Tá cuóta cinnte ag Patsy Mc Glone agus an SDLP agus coinneoidh siad a n-aon suíochán.
Robert Mc Crea, mac leis an Oir Willie Mc Crea, an t-iarrthóir DUP.
Ba cheart go mbainfidh seisean agus Billy Armstrong ón UUP an dá shuíochán eile.
Mar sin athrú ar bith i Lár Uladh.

5 - Loch Cuan
Toghcheantar aontachtach don chuid is mó é seo. An mórscéal anseo go bhfuil John Taylor éirithe as don UUP agus tá an DUP ag iarraidh suíochán s’aige a bhaint.
Tá triúr ag an DUP faoi láthair, Iris Robinson, Jim Shannon agus George Ennis.
Níor roghnaíodh Ennis an iarraidh seo agus is iad Simon Hamilton agus Michelle Mc Ilveen an bheirt iarrthóirí eile DUP.
David Mc Narry atá i gceannas ar an fhoireann UUP i gcuideachta Michael Henderson agus Angus Carson. Tá seans ann sa toghcheantar áirithe seo go bhfanfaidh lucht leanúna an UUP leo agus go gcoinneoidh siad an dá shuíochán ainneoin dúshlán mór an DUP.
Joe Boyle ón SDLP agus Dermot Kennedy ó Shinn Féin na hiarrthóirí ag Kieran Mc Carty, ball tionóil an Alliance.
Ach ba cheart go mbeadh an bua ag Mc Carty.

6 - Béal Feirste Thiar
Ceathrar ag Sinn Féin anseo faoi láthair, duine amháin ag an DUP agus ag an SDLP araon.
Tá cuóta SDLP i mBéal Feirste Thiar agus ba cheart go mbeadh Alex Attwood i gceart dá réir.
Gearóid Mac Adaim, Bairbre de Brun, Fra Mc Cann agus Michael Ferguson an ceathrar a bhain suíochán do Shinn Féin i 2003. Tá athrú pearsanra ó shin ach tá an ceithre shuíochán sin sábháilte fós .
Ceist mhór - an dtig leo suíochán Diane Dodds a thógáil ón DUP?
‘Keep the Seat’ an mana ag lucht an DUP agus iad ag iarraidh ar phobal na Seanchille aontú chun suíochán a choinneáil ó Shinn Féin.
Tá tuairimíocht láidir ann áfach nár chláraigh oiread aontachtaithe sa cheantar agus a chláraigh i 2003. Más fíor sin tá seans ag Sinn Féin rud dochreidte a dhéanamh agus an cúigiú suíochán a thabhairt leo.
Beidh iarrthóir Shinn Féin Poblachtach ann, atá ag cur i gcoinne an PSNI.
Ní dhéanfaidh an t-iarrthóir sin dochar gur fiú a lua do vóta Shinn Féin áfach.
Ach bíodh an suíochán sin ag Dodds nó ag Sinn Féin is beag de farasbarr a bheidh ag an bhuaiteoir.

7 - Aontroim Thoir
Lath Árna agus Carraig Fhearghusa an dá mhór bhaile sa toghcheantar seo.
Ceantar aontachtach don chuid is mó agus ní raibh ionadaí náisiúnach ar an seisear a toghadh ann an t-am deireanach.
I 2003 toghadh Sammy Wilson, George Dawson agus David Hilditch don DUP, Roy Beggs agus Ken Robinson don UUP agus Sean Neeson do Pháirtí an Chomhaontais.
Is beag seans go gcaillfidh an DUP aon cheann den trí suíochán atá acu.
Fuair an UUP beagnach 30% den vóta an t-am deiridh agus cé go bhfuil vóta an DUP ag dul in airde anseo mar atá i go leor toghcheantar eile níl aon leid ann go bhfuil titim tubaisteach i ndiaidh teacht ar vóta an UUP.
Mar sin gach seans go gcoinneoidh an UUP dhá shuíochán, Roy Beggs agus Ken Robinson.
An séú suíochán ba cheart go bhfanfadh sé ag an Alliance.
Tá Sean Neeson, seanfhondúir de chuid an Alliance, atá ag seasamh ar a son agus seans maith go dtiocfaidh laghdú ar a vóta an iarraidh seo .
Ach tá an vóta náisiúnach scoilte idir Danny O Connor, comhairleoir SDLP i Lath Árna agus Oliver Mc Mullan, SF, comhairleoir sna Glinntí Aontroma.
Fuair an dá pháirtí le chéile 10% den vóta i 2003 figiúr atá ar aon dul le vóta céad rogha Alliance.
Ach fad is go bhfágann siad scoilte mar sin beidh an séú suíochán ag Alliance.

8 - Béal Feirste Thuaidh
An cath idir an DUP is an UUP an mórscéal.
Tá dhá shuíochán ag Sinn Féin i mBéal Feirste Thuaidh, Gerry Kelly agus Kathy Stanton.
Ó tharla aird i bhfad níos ná riamh ag Gerry Kelly gach seans go rachaidh a vóta siúd in airde.
Ba leor an vóta Poblachtach chun eisean agus iarrthóir nua, Clara Ní Chuilin, a thogadh.
Tá suíochán amháin ag an SDLP, suíochán Albain Magennis agus ainneoin go gcreideann an SDLP go dtiocfadh leo an dara suíochán a thabhairt leo, caolsheans.
Tá Fred Cobain ar dhuine de na polaiteoirí is mó oibre agus is fearr atá ag an UUP.
Aigesan an t-aon suíochán UUP sa toghcheantar agus beidh sé faoi bhrú an iarraidh seo ó Nigel Dodds agus beirt eile de chuid an DUP.
An dtig leis an suíochán a choinneáil?
Beidh obair aige ach tá an obair déanta aige ar an talamh agus b’fhéidir gur leor sin chun go dtiocfadh sé slán.
Ach tá sé deacair a thomhas an mothú sa phobal aontachtach agus is cúpla scór nó cúpla céad vóta a shocróidh cé acu go rachaidh an suíochán deiridh chuig an DUP nó chuig an UUP.

9 - Béal Feirste Theas
Cath fíochmhar idir an DUP is an UUP an príomhscéal.
Tá dhá shuíochán ag an SDLP sa toghcheantar seo - Alasdair Mc Donnell agus Carmel Hanna.
Tá siad sin beirt slán.
Mar a gcéanna an scéal do Alex Maskey, Sinn Féin.
Níl aon chomhartha ann go dtiocfadh le Sinn Féin an dara suíochán a thógáil anseo fós agus beidh siad sona go leor má ardaítear vóta Alex Maskey.
Tá dhá shuíochán ag an UUP, Esmond Birnie agus Michael Mc Gimpsey, agus duine amháin ag an DUP Mark Robinson.
Ach tá vóta an UUP tite as a chéile ó bhí an toghchán Tionóil deiridh ann.
Agus i dtoghchán Westminster 2005 bhí fear an DUP, Jimmy Spratt, giota maith chun cinn ar Michael Mc Gimpsey ón UUP.
Mar sin tá an DUP dóchasach go dtiocfadh leo suíochán Esmond Birnie a ghoid ón UUP agus ag cuimhneamh ar an dul chun cinn a rinne an DUP le ceithre / cúig bliana anuas, gach seans go bhfuil an ceart acu.
An imreoidh Anna Lo, iarrthóir Síneach an Alliance, aon tionchar ar chúrsaí?
An dtógfaidh sise suíochán agus má thógann an é go dtógfaidh sise, seachas an DUP, suíochán Esmond Birnie?

Lá stairiúil ar shráideanna Bhéal Feirste

Léiriú ar mhisneach is ar neart phobal na Gaeilge an mórshiúl a rinne na mílte cainteoirí is tacaithe chuig lár Bhéal Feirste Dé Sathairn, an chéad mhórshiul dá leithéid riamh i stair na cathrach.
Chuir siad in iúl lena gcoiscéimeanna cinniúnacha is stairiúla go raibh éileamh neamhbhalbh ann ar son Acht Gaeilge thuaidh, éileamh nach féidir leis na h-údaráis neamhiontas a dhéanamh de.
Tá go dtí an Aoine ann anois le haighneachtaí a sheoladh chuig an Roinn Cultúr, Ealaín is Fóillíochta agus mholfaimis dár léitheoirí ar fad litir, cárta poist nó cáipéis de shórt ar bith a ullmhú agus a sheoladh ar aghaidh roimh an spriocdáta.
Tá a fhios againn i dtéarmaí ginearálta céard atá de dhíth. Reachtaíocht a bheidh ina chrann taca don té atá ag iarraidh a shaol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge. Seirbhísí atá uainn. Aitheantas d'ár dteanga is dár gcultúr a léiríonn go bhfuil áit chothrom is chóir againn sa tsochaí seo.
Níl aon rud á éileamh ag pobal na Gaeilge ach bunchearta is comhlíonadh geallúintí is ceangal i gcomhaontuithe idirnáisiúnta roimhe seo.
I 1998 tugadh geallúintí i gComhaontú Aoine an Chéasta maidir le háit larnach a thabhairt don Ghaeilge sa saol poiblí thuaidh - ach ní raibh na h-údaráis thuaidh inchurtha leis an ndúshlán agus loic siad ar an ngeallúint a rinne Rialtas na Breataine.
Go dtí seo, níl an páirtí eile san aontú sin, Rialtas na hÉireann, tar éis an brú cuí a chur ar Rialtas na Breataine an gheallúint sin a chomhlíonadh le croí mór maith.
I gComhaontú Chill Rímhinn, gheall Rialtas na Breataine go reachtófaí Acht Gaeilge. Más amhlaidh go dteipeann ar Rialtas na Breataine seo a dhéanamh, tríd an fhaillí ligean don reachtaíocht filleadh go Stormont le go gcuirfeadh aondachtaithe scian leis, ba cheart do Rialtas na hÉireann níos mó a dhéanamh ná míshásamh a chur in iúl. Tá beart de réir briathair de dhíth.
Go leor déanta, go leor fós le déanamh.

Friday 23 February 2007

'Ag cliceáil agus ag ticeáil'

Sula mbeidh deis ag an bpobal tic a chur sa bhosca cuí, tráth toghcháin, thuaidh is theas, beidh deis acu an luchóg a chur ag cliceáil chun na hiarrthóirí ba mhaith leo a roghnú.
Bíodh is go bhfuil scáth an vóta leictreonaigh bailithe uainn ar feadh tamaill, tá an canbhás leictreonach linn anois, gan aon agó.
Díol suntais an oiread páirtithe ó thuaidh is ó dheas atá i mbun blagadóireachta is podchraoltóireachta is eile ar mhaithe le teacht ar vótóirí.
Suímh bebo, fís-bhlaganna, téacs-bhlaganna – níl cibear-bhealach ar bith nach bhfuil in úsáid ag na páirtithe éagsúla chun a dteachtaireachtaí a chur i láthair an phobail.
An rud a spreagfaidh spéis na gcraoltóirí, áfach, go bhfuil leithéidí Shinn Fein agus an DUP ag mealladh na mílte cuairteoir chuig a suímh le hamharc ar na fís-bhlaganna is eile atá á gcur ar fáil acu.
Más tacaí de chuid Gerry Adams thú, nó fiú Ian Paisley, tá agallaimh leo le feiceáil ar a suímh, agallaimh nach mbeadh craoltóirí aitheanta sásta a chraoladh de bharr iad a bheith den tuairim go mbeadh siad “róbhog” nó “ró-aontaobhach”.
Má tá tú ar thóir an fheachtais idirlín seo, túsphointe maith an suíomh polaitiúil faoi Thuaisceart na hÉireann, sluggerotoole.com, fóram a chuireann na físeanna éagsúla i láthair agus a thugann deis don lucht féachana barúil a nochtadh agus diospóireacht a spreagadh.
Ba thúisce a chonacthas na Craolacháin Pháirtí Um Thoghcháin ar You Tube ná mar a chonacthas ar an dteilifís iad – agus ba léir gur mheall siad go leor daoine chun amharc orthu agus iad a phlé.
Páirtí Aontachtach Uladh, páirtí a luaitear go minic le polaitíocht na seanaoise, is túisce a d'éirigh leo aird sluggerotoole a mhealladh lena gcraolachán polaitiúil ar líne.
Ní fada ina dhiaidh sin a bhí craolacháin ón SDLP, ó Pháirtí na Comhghuaillíochta agus ó Shinn Féin le feiceáil ar You Tube.
Tá fís-bhlag DUP ar fáil fosta ar wwwdup2win.com agus bíonn scannán úr ann gach lá le tuairisc ó fheachtas an pháirtí.
An tseachtain seo, mar shampla, bhí mír scannáin ann ag léiriú Ian Paisley ag déanamh pancóg ar Mháirt Inide. Cé acu a mheallfaidh seo vótaí chuige nó nach meallfaidh, sin í an cheist. Nó an mbeidh sé féin ag casadh chomh gasta is a bhí sé ag iompú na bpancóg ar cheisteanna tábhachtacha ar nós an mbeidh siad ag roinnt cumhachta le Sinn Féin tar éis an toghcháin?
Neosfaidh an aimsir.
An deacracht, ar ndóigh, le lucht féachana idirlín go mbíonn sé deacair a mheas cé acu in Éirinn nó thar lear atá an lucht féachana is mó agus, ar ndóigh, tá impleachtaí tábhachtacha aige sin do pháirtithe polaitiúla le linn feachtas toghcháin. An t-aon rud a dhéanann difear do pholaiteoir an vóta. Muna saothraíonn sé vótaí trína iarrachtaí ar an idirlíon, céard is fiú iad?
Ní féidir le páirtí polaitiúil bheith gan suíomh idirlín, tráth toghcháin. Is áis é don phobal is na meáin fáil amach céard iad na polasaithe atá ag páirtí agus cén seasamh atá aige ar cheisteanna éagsúla, ceistanna nach gclúdófaí ar na mór-mheáin.
Agus de bharr go bhfuil páirtithe éagsúla ag cur físeanna is eile ar fáil, cuireann sé sin brú ar gach páirtí déanamh amhlaidh.
Don chuid is mó, eití óga na bpáirtithe atá ag déanamh na hoibre seo — agus tá siad á déanamh le hábhar atá ar fáil cheana féin. Mar sin de, níl mórán costais i gceist.
An uair a thosaíonn saoistí na bpáirtithe ag tabhairt faoi deara go bhfuil costais ag dul i méid agus, b’fheidir, nach bhfuil an vóta ag dul in airde mar chúiteamh, déanfar athbhreithniú ar fheachtais pholaitiúla idirlín.

Thursday 15 February 2007

Tábhacht i gcónaí leis an ghuth neamhspleách

Tar éis a bhfuil de chaint agus de thuairimíocht ann faoi na páirtnéireachtaí a d’fhéadfaí a chur le chéile tar éis an olltoghcháin, is beag caint atá déanta go dtí seo ar na teachtaí neamhspleácha agus ar na roghanna a bheidh acu.
Tá an líon de theachtaí neamhspleácha a thoghtar ag méadú go leanúnach ó 1981 i leith agus ba mhinic cheana a bhí a nguth cinniúnach nuair a bhí rialtas á chur le chéile.
Le linn tréimhse na Dála seo, ba é an Dr. Liam Twomey an chéad duine a roghnaigh filleadh ar na páirtithe móra nuair a chuaigh sé le Fine Gael. Tugadh urlabhraíocht thábhachtach dó láithreach agus is dóigh gur féidir airgead a chur air go bhfuil aireacht geallta dó má thoghtar an “malairt comhrialtais”.
Le gairid, d’fhill teachta neamhspleách ghluaiseacht Blaney ar an bpáirtí as ar eascair sí nuair a chuaigh Niall Blaney le Fianna Fáil. Tá go leor a déarfadh nár cheart an scoilt idir muintir Blaney agus Fianna Fáil a bheith fágtha chomh fada – agus tuilleadh a déarfadh go bhfuil an páirtí i dTír Chonaill scriosta ag an scéal ar fad.
Taobh amuigh den tionchar a bheidh ag an socrú ar chúrsaí i nDún na nGall Thoir Thuaidh, tá ceist eile gur fiú a chur ag an tráth seo, mar atá, an bhfuil mórán eile den dream a d’fhág nó a ruaigeadh as Fianna Fáil ag breathnú go fonnmhar ar an bpáirtí mór?
Tá polaitíocht na hÉireann eisceachtúil mar go mbíonn sciar níos mó de theachtaí neamhslpeácha i bparlaimint na tíre seo ná mar a bhíonn i mórán tíortha eile. Go deimhin, is minic gur mó teachta neamhspleách a bhíonn sa Dáil ná mar a bhíonn in go leor de pharlaimintí eile na hEorpa le chéile.
Bhuaigh iarrthóirí neamhspleácha 14% den vóta agus faoi láthair, tá ceathrar déag de theachtaí neamhspleácha sa Dáil, an líon is airde ó bhí 1951 ann.
Chuaigh ochtar den cheathrar déag sin ar ais leis na páirtithe móra sa tréimhse Dála dár gcionn. An bhféadfadh a leithéid tarlú inniu?
Tá sé fógartha cheana féin ag beirt de na Teachtaí neamhspleácha – Mildred Fox agus Marian Harkin – nach mbeidh siad san iomaíocht san olltoghchán agus fillfidh na suíocháin sin ar na páirtithe móra.
Is dóigh ansin gur féidir an chuid eile den lucht neamhspleách a rangú de réir a gclaonadh i leith na bpríomhpháirtithe.
Is de bhunadh Fianna Fáileach Paudge Connolly, Beverley Flynn, Jackie Healy-Rae, James Breen agus Paddy McHugh. Is cosúil, go deimhin, go bhfuil iarrachtaí ar bun ag Fianna Fáil cuid acu a mhealladh ar ais nó a dtacaíocht a chinntiú, ar aon nós.
Deir siad ar fad go bhfanfaidh siad le toradh an olltoghcháin sula ndéanfaidh siad cinneadh faoi cé leis a dtacóidh siad mar thaoiseach. Tá an liosta siopadóireachta á réiteach acu ar fad agus is deacair a shamhlú go dtréigfidís Fianna Fáil.
Iar-theachta de chuid Fhine Gael é Michael Lowry agus déanann sé a dhícheall fanacht dílis don pháirtí cé gurb annamh a bhíonn sé páirteach i vótaí Dála níos mó. Is dóigh go dtacódh sé le Enda Kenny mar Thaoiseach.
Cá bhfágann sin an seisear eile?
Deir Tony Gregory agus Finian McGrath go scrúdóidh siad aon mholtaí a chuirfear faoina mbráid agus a thugann aghaidh ar riachtanais a gcuid dáilcheantar.
An clár polasaí a chuirtear os comhair na Dála a bheidh mar shlat tomhais ag Catherine Murphy, a deir sí, nuair a bheidh Taoiseach le toghadh.
B’fhearr leis an Dr. Jerry Cowley go bhfanfadh na teachtaí neamhspleácha le chéile agus brú a chur ar an rialtas mar mhionpháirtí iontu féin agus is beag seans go mbeidh aon ghean aige ar cheachtar den bheirt a mholfar le toghadh mar Thaoiseach.
Meastar gurb amhlaidh a bheidh ag Seamus Healy, a bhfuil cáineadh láidir déanta aige ar an rialtas agus ar an bhfreasúra, ó am go chéile.
Is féidir go mbeidh margáil go leor ar bun idir dáta an chomhairimh agus an lá a thiocfaidh an Dáil le chéile le Taoiseach a thoghadh. Ach céard faoin té a chaitheann a vóta sa mBealtaine seo chugainn d’iarrthóir neamhspleách? An mbeidh sé ag cuimhneamh ar cén rogha a dhéanfaidh an duine sin nuair a bheidh Taoiseach le toghadh? An gcuirfear an cheist ar iarrthóirí neamhspleácha céard a dhéanfaidh siad má bhíonn a gcuid tacaíochta ag teastáil?
B’fhéidir gurbh fhiú an cheist a chur – feictear domsa go bhféadfadh guth an teachta neamhspleách a bheith cinniúnach imbunú an chéad rialtas eile.