Monday 12 February 2007

Dhá chath inmheánacha

Cad é atá tú ag dul a dhéanamh faoi tháillí uisce?
Agus cad é faoin ardú ar rátaí atá ag teacht?
Cinnte go mbeidh ceisteanna neamhghnácha mar iad á gcur ar iarrthóirí i dtoghchán an Tionóil thuaidh.
Ach tá dul amú orthu sin a gcreideann go mbeidh ceisteanna 'ime is aráin' millteanach tábhachtach sa toghchán seo.
Táimid bliain nó beirt ar shiúl fós ón am nuair a bheidh a dtábhacht cheart ag na ceisteanna sóisialta i dtoghchán sa tuaisceart.
Toghchán ar an seandóigh an ceann reatha, cath nimhiúil idir an DUP is an UUP ar lámh amháin, idir Sinn Féin agus an SDLP ar an lámh eile.
Níl aontachtaithe ag dul a ghoid suíochán náisiúnach ná a mhalairt.
Seo troid díreach idir an DUP is an UUP sa choirnéal oráiste agus idir Sinn Féin is an SDLP sa choirnéal ghlas.
Agus beidh sé nimhiúil.
An DUP an páirtí is láidre ach is é an DUP an páirtí is mó atá i gcontúirt ag dul isteach sa toghchán seo.
30 feisire acu ach caithfidh siad na vótóirí sin a mheall siad ón UUP an t-am deireanach a choinneáil ar bord.
Agus caithfidh siad riar fosta ar a ngnáthvótóirí, dream atá corraithe go maith faoi chaint maidir le dul isteach i gcumhacht le Sinn Féin.
An lá inné, d’fhógair duine de bhunaitheoirí an DUP, George Mc Connell, go bhfuil sé i ndiaidh éirí as agus nach dtiocfadh leis vótáil don pháirtí feasta.
Ionann le nimh dósan agus dá leithéid an fhéidearthacht a bheith ann fiú go dtiocfadh leis an DUP dul isteach i gcumhacht le Sinn Féin.
Cúpla lá ó shin, d'fhógair seacht gcomhairleoir leis an DUP i mBaile Meánach nach dtiocfadh leo tacú leis an pháirtí sa toghchán ar eagla go rachadh an DUP isteach i gcumhacht le Sinn Féin.
Ná bíodh aon mhíthuiscint ann - tá an DUP i sáinn, drochsháinn.
Caithfidh siad foirmle focal a fháil agus iad ag dul isteach sa toghchán seo nach rialaíonn as an áireamh dul isteach i gcumhacht le Sinn Féin i ndiaidh an toghcháin.
Ach san am céanna caithfidh siad scairteadh os ard nach bhfuil rún dá laghad acu dul isteach i Sinn Féin i ndiaidh an toghcháin!
Seans go mbeidh siad in ann an teannas sa pháirtí agus sa lucht tacaíochta a choinneáil faoi smacht san fheachtas toghcháin.
Beidh sé deacair.
Nó beidh a naimhde, a iarrthóirí tionóil féin agus cuid dá lucht tacaíochta uilig ag fiafraí cad chuige nár rialaigh an DUP as an áireamh dul isteach sa tionól le Sinn Féin faoi choinníoll ar bith seachas iad a bheith ag cur in iúl go gcaithfidh Sinn Féin coinníollacha faoi leith a chomhlíonadh.
Feachtas dian a bheidh ann don DUP agus beidh cuid mhór ag brath ar an toradh.
Má éiríonn leo an 30 suíochán a choinneáil, fiú ceann nó beirt eile a bhaint, rachaidh na baill tionóil le cibé cinneadh a dhéanfaidh Ian Mór, fiú más cinneadh é dul isteach sa tionól le Sinn Féin.
Má bhíonn drochthoradh ann - bhuel is beag baol go rachaidh an DUP isteach sa tionól.
Agus beidh siad thíos leis fós.
Cibé toradh a bheidh ann tá teannas agus scoilt sa DUP nach féidir a réiteach agus tiocfaidh sé amach le linn nó i ndiaidh an fheachtais toghcháin.
Cad é an tionchar a bhí ag an cinneadh faoi phóilíneacht ar ghnáthvótóirí Shinn Féiin?
Maíonn go leor de na tráchtairí go raibh dea-thionchar aige agus fiú go mbeidh díbhinn ann ó vótóirí boga SDLP.
Ach níl an scéal chomh soiléir sin.
Ghlac bunús vótóirí is tacaithe Shinn Féin le socrú na hArd-Fheise speisialta ach níl go leor acu díograiseach faoi.
Agus tá buairt ann i measc Poblachtach go bhfanfaidh sciar de vótóirí Shinn Féin sa bhaile mar gheall ar a míshuaimhneas seachas dul amach chun vótáil.
Beidh le feiceáil.
Rud neamhchinnte fosta an tionchar a bhí ag na rialacha nua clárú vótóirí thuaidh ar thacaíocht Shinn Féin.
Cinnte go raibh titim ar lucht vótála Shinn Féin dá bharr. Ach cé chomh mór?
Feicimid am an toghcháin.
Níl Sinn Féin millteanach buartha faoin dúshlán ó ghrúpaí Poblachtacha nach n-aontaíonn leo.
In áiteanna ar nós Dhoire beidh an IRSP, Sinn Féin Poblachtach, agus iarrthóir neamhspléach Poblachtach ann.
Ach níl comhaontú toghcháin eatarthu agus an dream atá scoilte, ní baol iad.
Tá Sinn Féin dóchasach go dtiocfadh leo dochar níos mó fós a dhéanamh don SDLP i mBéal Feirste Thiar, áit ar tháinig titim beagnach 10,000 ar vóta an SDLP le blianta beaga anuas.
Agus creideann Sinn Féin go dtiocfadh leo dul san iomaíocht do shuíocháin breise, go háirithe in Aontroim Theas, Mitchell Mc Laughlin, agus i nGleann an Lagáin, Paul Butler.
Agus cad faoin SDLP is UUP?
Obair mhór rompu beirt gan titim siar níos mó.
Ní baol go mbeidh ceachtar acu in ann oiread suíochán tionóil a bhaint is go gcuirfeadh siad an DUP nó Sinn Féin sa dara háit arís.
Ach thiocfadh leo a bpáirtí a láidriú agus tosú ar aiséirí ach toghchán maith a bheith acu.
Póilíneacht an blár catha a bheidh an SDLP ag díriú air.
Agus ag an phobal a bheidh sé breithiúnas a thabhairt.
Seo toghchán a shocróidh todhchaí Reg Empey.
Má chliseann air, ní mhairfidh sé mar cheannaire ar an UUP.
Beidh an UUP ag iarraidh a chur in iúl go bhfuil sé ar intinn ag Ian Paisley dul isteach i gcumhacht le Sinn Féin i ndiaidh an toghcháin.
Agus gur an toradh a bheas ar sin - Martin Mc Guinness mar Leas-Chéad Aire agus Gerry Kelly mar Aire Póilíneachta.
Tromluí na dtromluíthe.
Feachtas gairid gonta a bheidh ann agus feachtas nimhiúil.
Tá rud amháin cinnte.
An dream nó na dreamanna is fearr ag spreagadh a vótóirí le dul amach ar an lá agus ag fáil na vótóirí sin a fhad leis na stáisiúin vótála, iad sina bhainfidh i dtoghchán 7 Márta.
Sin bun agus barr an scéil.

No comments: