Monday 12 February 2007

Cúrsa úr do chúrsaí reatha

Bhí míthuiscint faoi thuairimí Mhanchán Magan ar na mallaibh - bhí daoine ann a chreid go raibh sé ar son an Ghaeilge a chur chun báis.
An rud a bhí á rá aige, dar liom, go raibh sé den tuairim go raibh an Ghaeilge amhail is dá mbeadh sí marbh.
Sea, tá a fhios agam go bhfuil breis is 1.7m duine ar an oileán seo a deir gur cainteoirí Gaeilge iad. Sea, tá a fhios agam go bhfuil fás rabach ar na Gaelscoileanna is eile. Sea, tá a fhios agam go bhfuil Acht Teanga ó dheas, stádas oifigiúil oibre san Eoraip is eile.
Tá a fhios agam is agat é sin. Ach níl a fhios ag RTÉ sin, de réir dealraimh.
Nó dá mbeadh, thuigfeadh an craoltóir náisiúnta go raibh gá le gnéithe i réimse leathan ábhar a phlé trí mheán na Gaeilge.
Ní an Ghaeilge amháin, tuigeann tú, ach ábhair eile ar nós cúrsaí reatha, spóirt is cultúir is ealaíon. Siamsaíocht fiú.
Léiriú a bheadh ann ar úsáid na Gaeilge chun léargas úrnua is éagsúil a thabhairt dúinn ar céard atá ag tarlú ar an saol seo lenár linn.
Díreoidh mise, sa cholún seo, ar chúrsaí reatha. Tá cúrsaí reatha trí mheán na Gaeilge nach mór marbh cé go bhfuil fás nach beag ar líón na ndaoine a labhraíonn Gaeilge agus ar líon na meán inar féidir plé a dhéanamh ar a leithéid.
Bhí sé suntasach, dar liom, nach ndearna ceannaire an Lucht Oibre fiú tagairt don Ghaeilge ina óráid Ard-Fheise ag an deireadh seachtaine. Ní ann don Ghaeilge dar leis - cinnte níl sé chun am a chur amú leis ina óráid spreagtha réamhthoghcháin. Ní raibh feidhm leis aon rud a rá i nGaeilge nó faoin nGaeilge de bharr nach mbeadh aon ardán chun an scéal a bhogadh ar aghaidh ina dhiaidh sin.
Má amharcann tú ar sceideal TG4 nó RTÉ Raidió na Gaeltachta, níl ach corram ann ina mbíonn plé ar an ábhar seo.
Corr-leathuair fhánach anseo agus ansiúd.
Seo ag am ina bhfuil plé 24/7 ar chúrsaí reatha, shamhlófá, ar leithéid RTÉ Raidió 1, (trí Bhéarla, ar ndóigh), agus go mbíonn go leor leor clár cúrsaí reatha ar theilifís RTÉ - The Week In Politics ar an Domhnach, Questions & Answers ar an Luan, Prime Time (agus Prime Time Investigates) ar an Máirt is an Déardaoin, an Late Late Show (agus bíonn plé cúrsaí reatha ar an seó seo, i measc rudaí neafaiseacha eile) ar an Aoine agus Tubridy Tonight, ar ar cuireadh na ceannairí polaitiúla (seachas Trevor Sargent) faoi agallamh, ar an Satharn.
Níl a fhios agam cén fath go bhfuil an bhearna seo ann. An é go bhfuil imní ar shaoistí RTÉ faoi thuairimí radacacha lucht na Gaeilge a bheith á gcraoladh ar na haerthonnta? Cúpla bliain ó shin, dúirt Garda ag comhdháil bhliantúil éigin gur chreid seisean agus a chomhghleacaithe gur ball gníomhach san IRA é gach cainteoir Gaeilge. Cinnte nár mhaith leis na húdaráis aerthonnta a ghéilleadh dá leithéid!
Fiú mura bhfuil sin fíor, níl mórán spáis ar aerthonnta na Gaeilge, ar RTÉ TG4 nó ar RTÉ RnaG, le haghaidh plé ar chúrsaí reatha trí Ghaeilge.
Ar TG4, ní bhíonn ann ach an clár amháin, uair sa tseachtain, 7 Lá. Is maith ann é ar ndóigh.
Ach nach cuimhin linn an ré órga úd nuair a bhí Cúrsaí á chraoladh ó Luan go hAoine ar RTÉ? Sin an cineál seirbhíse atá de dhíth.
Tráth roimhe sin bhí Féach ann agus cé gur cuimhin liom na h-agallaimh théagartha a bhíodh á ndéanamh ag leithéid Proinsias Mac Aonghusa, agus na tuairiscí a rinne Breandán Ó hEithir, ní féidir liom a rá go raibh mé róthógtha leo ag an am, tráth go raibh mé ag freastal ar an mbunscoil seans.
Ach bhí siad ann agus bhí siad le háireamh. Bhíodh polaiteoirí faoi dhiancheistiú ar na cláir. Bhíodh anailís ghéarchúiseach ann.
Anois ní bhfaighfeá a leithéid sin d'anailís ar TG4 - cainéal saor ó anailís atá ann.
Dá mbeadh mo bhealach agam, bheadh 7 Lá ann gach oíche den tseachtain agus foireann tuairisceoirí aige mar a bhí ag Cúrsaí agus ag Féach roimhe.
Cén bunús atá ann leis an dtuairim, atá á cur i bhfeidhm ag RTÉ (nó is é RTÉ a shocraíonn cúrsaí eagarthóireachta cúrsaí reatha i mBaile na hAbhann) go bhfuil níos lú éilimh ann ar chláira sa réimse seo ag am go bhfuil níos mó Gaeilgeoirí ann?
An gcreideann saoistí Bhaile na hAbhann gur fearr, mar shampla, clár ar nós Irish Paint Magic ná leathuair sa bhreis a bheith ag 7 Lá chun plé ceart a dhéanamh ar chúrsaí reatha?
Tá na daoine atá ag saothrú i ngort na gcúrsaí reatha ar TG4 ag déanamh a ndíchill - agus tá moladh tuillte acu - ach is cosúil nach bhfuil aon tuiscint ag saoistí an stáisiúin nó ag a saoistí siúd i nDomhnach Broc ar an ngoile atá ann do chláir a dhíríonn ar mhórcheisteanna an lae agus a dhéanann iad a phlé.
Mar a chéile an scéal ar an raidió, tar éis Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, is beag plé a dhéantar ar chúrsaí reatha ar chlár ar bith.
Cé nach séanfar anseo gur clár nuachta den scoth é Adhmhaidin, ní hionann sin is gur clár cúrsaí reatha é. Toisc gur clár nuachta é, ní féidir an t-am céanna a thabhairt do chúrsai reatha is a thabharfaí do ar sheónna leithéid Pat Kenny, Joe Duffy, Drivetime le Mary Wilson agus Vincent Browne ar RTÉ Raidió 1. Tuairim is sé huaire an chloig gach lá de chláir chúrsaí reatha. Ní feidir liom a rá go gcreidim gur cláir den scoth iad. Ach tá siad ann.
Agus anuas ar sin, caithfear nuacht ó na Gaeltachtaí éagsúla a chur san áireamh. Go minic bheadh mír ann faoi cheist áitiúil éigin, nach mbeadh suim ann ach go háitiúil sa Ghaeltacht ina raibh sé dírithe - agus ina dhiaidh sin bheadh agallamh ann faoi cheist náisiúnta nó idirnáisiúnta.
Ina dhiaidh sin ar sceideal RTÉ RnaG, níl aon chlár dírithe ar chúrsaí reatha cé go ndéanann foirne léirithe Barrscéalta iarracht mhaith an bhearna a líonadh trí scéalta ar chúrsaí an Tuaiscirt a phlé ar bhealach níos doimhne ná mar a dhéantar ar Adhmhaidin. Níl aon rud i gceist ach go bhfuil beagáinín nios ama ag Barrscéalta ná mar atá ag clár nuachta le díriú ar gach scéal, rud a léirigh siad go héifeachtach, mar shampla, le clár den scoth ar chomóradh 25 bliain na stailceanna ocrais anuraidh.
Cuid tábhachtach de sceideal RTÉ RnaG an riar a dhéanann siad ar na pobail Ghaeltachta ach ní fhágann sin mórán aerspáis don phlé ar chúrsaí náisiunta is idirnáisiúnta, ábhair a bhfuil spéis ag pobail na Gaeltachta iontu an oiread is atá ag pobal na Gaeilge cibé áit ina bhfuil siad.
Sin an fáth go gcreidim go bhfuil gá le stáisiún ar nós Raidió 1 trí Ghaeilge.
Cuid den údar leis sin go bhfuil an dream ag mo chomhaois féin, a d'fhás aníos ag lorg 2FM na Gaeilge, tar éis athrú - forbairt? - agus go bhfuil rud éigin éagsúil á lorg againn anois. Ghlac an feachtas chomh fada.
Beag an dóchas atá agam go mbeadh a leithéid ann i bhfianaise dhearbhú RTÉ le déanaí nach mbeadh 2FM na Gaeilge ar na gcainéil digiteachta a bheadh á dtairiscint ag an gcraoltóir náisiúnta. Feachtas aon fhir m'fheachtas faoi láthair, agus níor mhaith liom scór blianta a chaitheamh leis.
Nílim gan dóchas. Tá riar maith á dhéanamh ag leithéid Fáílte 107.1FM ar chúrsai reatha, cé go bhfuil siad gan na hacmhainní atá ag RTÉ agus tá moladh ag dul freisin do Raidió na Life.
Nílim gan phlean ach oiread. Mar, inniu, ar www.nuacht.com, seolfar clár plé úr, dírithe ar pholataíocht is ar chúrsaí reatha, Vóta 007. Fóram a bheidh anseo do phlé ar chúrsaí reatha, na toghcháin thuaidh is theas i mbliana ar dtús, agus toghcháin is conspóidí eile ina dhiaidh sin.
Tá bearna fagtha sa mhargadh agus ní mór an bhearna sin a líonadh anois.

No comments: