Monday 5 March 2007

Tábhacht le gach vóta sna caismirtí inmheánacha thuaidh

Dún Thuaidh
Tá seisear ionadaithe Aontachtacha ag an toghcheantar seo. Beirt DUP, beirt UUP, Bob Mc Cartney don UKUP, agus duine ón Alliance.
Dhúbail an DUP a vóta anseo i dtoghchán na gcomhairlí agus tá siad muiníneach go dtig leo suíochán breise a thógáil ón UUP.
Peter Weir, iarUUP, ceannaire a bhfoirne agus ina chuideachta beidh Alan Graham agus Alex Easton. An-sheans acu an tríú suíochán a thabhairt leo.
Alan Mc Farlane an t-iarrthóir is aitheanta ag an UUP agus beidh suíochán aige sin gach seans.
Ach thiocfadh leis an bheirt iarrthóirí eile UUP, Leslie Cree agus Marion Smith, a bheidh thíos leis má éiríonn leis an DUP suíochán breise a bhaint.
Seo toghcheantar an Alliance le blianta fada agus, bíodh is nach mbeidh Eileen Bell ag seasamh, ba mhór an t-iontas mura choinnigh Stephen Farry suíochán don Alliance.
Agus Bob Mc Cartney?
Rinneadh scrios ar a pháirtí sa toghchán deiridh ach tá proifíl aige agus aird ag go leor daoine air agus ba cheart go mbeadh suíochán s’aige slán.
Má bhaintear tuisle as aon duine de na móriarrthóirí tá Liam Logan ón SDLP dóchasach go dtig leis tairbhe a bhaint as.
Ach tá Barney Rowan (Neamhspleách), iar-chomhfhreagraí slándála an BBC, san iomaíocht agus thiocfadh leis sin a bheith sa reicneáil dá dtarlódh a leithéid.

An tIúr / Ard Mhacha
Triúr do Shinn Féin, duine amháin don SDLP, don UUP agus don DUP.
Sin mar a bhí i 2003.
Beidh Sinn Féin faoi bhrú anseo, nó tá scothiarrthóir breise ag an SDLP, Sharon Haughey.
Déanfaidh sise agus Doiminic Ó Brollacháin vóta mór a thabhairt amach don SDLP.
An leor é chun suíochán a bhaint ar ais ó Shinn Féin?
Seans.
Tá Davy Hayland, iarbhall tionóil Shinn Féin, ag seasamh mar neamhspleách ach ní léir go ndéanfaidh sé dochar mór do Shinn Féin.
Is mó a bheidh Sinn Féin thíos leis an athrú pearsanra go luath roimh an toghchán nó, mar aon le himeacht Davy Hyland, níor toghadh iarbhall eile tionóil, Patricia O’Rawe. Bean ar bith ar an ticéad agus triúr fear, Conor Murphy, Mickey Brady agus Cathal Boylan.
Beidh obair acu dúshlán an SDLP a shárú ach tá an-chumas i Conor Murphy agus a fhoireann. Beidh troid fhíochmhar idir Sinn Féin agus an SDLP don cheathrú suíochán úd agus ní féidir a thuar cé a bhainfidh.
Ní iarrthóir de chuid an DUP é Paul Berry níos mó. Beidh sé ag seasamh mar iarrthóir neamhspleách an iarraidh seo agus gach seans go gcaillfidh sé a shuíochán do William Irwin ón DUP. Beidh an séú suíochán ag Danny Kennedy ón UUP.

Tír Eoghain Thiar
I 2003 thogh siad beirt ionadaithe Shinn Féin, duine ag an DUP, duine ag an SDLP, Kieran Deeney, iarrthóir ar cheist an ospidéil, agus duine ón UUP.
An uair seo roghnaigh an SDLP dochtúir le bheith ar thicéad s’acu, Dr Josephine Deehan, agus iad ag iarraidh suíochán Kieran Deeney a fháil.
Tá an-seans acu.
Rud a thabharfadh dhá shuíochán don SDLP.
Ach ba cheart go mbeadh Barra Mac Giolla Duibh agus Pat Doherty in ann an dá shuíochán atá ag Sinn Féin a choinneáil acu.
Gan athrú i dtaobh an DUP, ionadaí amháin agus an UUP, ionadaí amháin.
Dún Theas
Beirt do Shinn Féin an mórscéal anseo i 2003, nó ba é seo dún de chuid an SDLP riamh. Thóg an SDLP dhá shuíochán an t-am sin agus thóg an DUP is an UUP suíochán amháin.
An iarraidh seo tá Caitríona Ruane agus Willie Clark den tuairim go dtiocfadh le Sinn Féin cur lena vóta. Eamann Mac Con Mhíde an tríú hiarrthóir ag Sinn Féin ach is beag seans go mbeidh méadú chomh mór ar a vóta go gdtiocfadh leo trí shuíochán a thógáil leo.
Tá an SDLP den tuairim go dtig leo suíochán a thógáil ó Shinn Féin agus tá a bhfoireann, Margaret Ritchie, PJBradley agus Michael Carr, i bhfad níos eagraithe ná mar a bhí 2003.
Ach gach seans go bhfanfaidh cúrsaí mar atá, beirt ag Sinn Féin, beirt ag an SDLP, duine amháin ag an DUP, Jim Wells agus duine ag an UUP, John Mc Allister. Thiocfadh do shuíochán an UUP a bheith faoi bhagairt ó William Burns, dara hiarrthóir an DUP, go háirithe má tá an taoide ar an lá leis an DUP in áiteanna eile.

Banna Uachtar
68,000 vótóir a thoghfaidh seisear ionadaithe anseo. An t-am deiridh, thogh siad beirt UUP, David Trimble agus Samuel Gardiner, beirt don DUP, John O’Dowd do Shinn Féin agus Deirdre Kelly ón SDLP.
Seans maith ag an DUP suíochán a ghoid ón UUP anseo. Tá lagmhisneach ar an UUP sa toghcheantar seo mar gheall ar gach a bhain le scéal truamhéalach David Trimble. Tá ardmhisneach ar an DUP. Triúr a bheidh san iomaíocht don DUP, David Simpson, Stephen Moutary agus Hopkins Mc Crum. Beidh obair ag an UUP, Samuel Gardiner, George Savage agus Arnold Hatch, a dhá suíochán a choinneáil.
Tá Bríd Rodgers i gceannas ar an fheachtas SDLP an iarraidh seo, rud a láidreoidh an páirtí agus ba cheart go mbeadh suíochán arís eile ag Dolores Kelly.
Ach tá vóta láidir ag Sinn Féin sa cheantar anois agus ba cheart go mbeadh suíochán ag an fheisire s’acu John O’Dowd.

Doire Thoir
Tá 56,000 vótóir anseo. I 2003, toghadh beirt de chuid an DUP, beirt de chuid an UUP, duine amháin le Sinn Féin agus duine amháin leis an SDLP.
Seo toghcheantar Gregory Campbell agus mar gheall ar a phroifíl siúd agus a chlú mar pholaiteoir éifeachtach toghcheantair ba cheart don DUP coinneáil nó fiú cur lena vóta. Mhéadaigh a vóta 8.7% sa toghchán 2003 agus má threisíonn sé arís, d’fhéadfadh suíochán de chuid an UUP a bheith i mbaol.
Roghnaigh an UUP beirt iarrthóirí nua an iarraidh seo féachail le vótóirí breise a mhealladh, David Mc Clarty agus Edwin Stevenson. Ach beidh siad breá sásta más féidir leo an dá shuíochán a choinneáil agus gan ceann acu a chailleadh don DUP.
Bhain Sinn Féin geit as gach duine an t-am deiridh nuair a thóg Francie Molloy suíochán leis.
Bhí sé giota maith chun tosaigh ar John Dallat, SDLP, a thóg leis an suíochán deiridh.
Billy Leonard, iarphéas, atá mar chompánach ag Francie Brolly an iarraidh seo agus ba cheart go mbeadh vóta níos airde ag Sinn Féin ach gan go leor acu chun suíochán John Dallat a chur faoi bhrú.
Cuid mhór ag brath áfach ar aistriúcháin - cén tionchar a imreoidh cinneadh Shinn Féin faoi chúrsaí póilíneachta ar cheist na n-aistriúchán? Ní fios ach i dtoghcheantair mar seo, d’fhéadfadh sé tionchar mór a imirt.

Fear Manach - Tír Eoghain Theas
Toghadh beirt do Shinn Féin anseo an t-am deiridh, mar aon le beirt don DUP, duine amháin don UUP agus duine amháin ag an SDLP.
Michelle Gildernew agus Gerry Mc Hugh an bheirt iarrthóirí ag Sinn Féin agus ainneoin go mbeidh siad faoi bhrú ó Gerry Mc Geogh, atá ag seasamh ar ardán frithPSNI, ba cheart go mbeadh an dá shuíochán arís ag Sinn Féin.
Ní léir cá mhéad vóta a shaothróidh Gerry Mc Hugh, duine de na hiarrthóirí frithShinn Féineach is aitheanta, ach is beag seans go saothródh sé go leor chun suíochán a bhaint.
Tá an DUP ag déanamh dul chun cinn anois sa toghcheantar seo, a bhíodh tráth ina dhún ag an UUP.
Maurice Morrow agus Arlene Foster an bheirt iarrthóirí DUP agus ní baol do cheachtar acu.
Tá cuóta go cinnte ag an UUP agus ba cheart go bhfaigheadh Tom Elliott an cúigiú suíochán dá bharr.
Agus beidh sé idir Tommy Gallagher agus Vincent Currie chun an suíochán deiridh a thógáil don SDLP.

Aontroim Thuaidh
Suim mhór i dtoghcheantar Ian Paisley. An t-am deiridh, toghadh triúr de chuid an DUP, duine amháin leis an UUP, agus an t-iontas is mó Philip Mc Guigan ó Shinn Féin sa chúigiú háit, chun tosaigh ar Sean Farren ón SDLP.
Thug roinnt comhairleoirí de chuid an DUP le fios nach mbeidh siad ag stocaireacht ar son an pháirtí mar gheall ar a míshuaimhneas faoi Chomhaontú Cill Rímhinn. Agus thug Davie Tweed, comhairleoir aitheanta eile sa toghcheantar, le fios nach dtiocfadh leisean tacú leis an DUP a thuilleadh. An imreoidh seo mórán de thionchar ar an vóta DUP? Ní dócha. Cinnte le Dia go gcoinneoidh Ian Paisley a vóta agus fiú go gcuirfidh sé leis. A mhac, Ian Óg agus Mervyn Storey an bheirt iarrthóirí eile DUP agus tiocfaidh siad sin slán.
Ach bainisteoireacht vóta a dhéanamh go stuama, thiocfadh leis an DUP a bheith san iomaíocht don cheathrú suíochán dá n-iarrthóir Deirdre Nelson ach ba dheacair acu vóta Ian Paisley a shrianú oiread is go mbeadh ceithre cuóta acu.
In éagmais sin, beidh suíochán ag an UUP, Robert Coulter.
Beidh troid fhíochmhar idir náisiúnaigh agus neamhspleáchaigh don dá shuíochán deiridh.
An t-am deiridh bhí Philip Mc Guigan SF chun tosaigh ar Sean Farren SDLP.
Tá Daithí Mc Kay ag seasamh ar son Shinn Féin an t-am seo.
Níl oiread aithne air is a bhí ar Philip Mc Guigan ach ba cheart go mbeadh cuóta ag Sinn Féin.
Orla Black atá ag seasamh don SDLP seachas Sean Farren agus ba cheart go mbeadh an vóta SDLP is Sinn Féin láidir go leor chun an cúigiú is an séú suíochán a thógáil ainneoin go leor iarrthóirí neamhspleácha a bheith ann.

Béal Feirste Thoir -
Ag an toghchán deireanach bhí beirt ag an DUP, beirt ag an UUP, duine amháin ag Alliance agus David Ervine, an t-aon ionadaí de chuid an PUP.
Tá an DUP ag cosaint an dá shuíochán atá acu anseo, Peter Robinson agus Robin Newton.
Beidh leo.
Tá an DUP fosta ag iarraidh suíochán breise a thógáil.
Gach seans go dtógfaidh Wallace Brown an suíochán a bhí roimhe seo ag David Ervine. Tá an UUP dóchasach go mbeidh siad san iomaíocht do shuíochán David Ervine fosta agus tá triúr iarrthóirí láidre acu, Reg Empey, Michael Copeland agus iar-Ard-Mhéara Bhéal Feirste Jim Rodgers.
Ach is mó seans go mbainfidh an DUP suíochán Ervine, go mbeidh an UUP fágtha leis an dá shuíochán atá acu faoi láthair, Reg Empey agus Michael Copeland, agus go mbeidh an séú suíochán ag an Alliance mar a bhí acu roimhe seo, Naomi Long.
Ba cheart go saothródh Dawn Purvis, PUP, comharba David Ervine, go leor le bheith san iomaíocht i gceart le Naomi Long don suíochán deiridh sin.
Gheobhaidh Niall Ó Donghaile, iardhálta de Bhunscoil Phobal Feirste, go leor vótaí do Shinn Féin ach níl oiread vótaí náisiúnacha ann fós is a bhainfeadh cuóta amach do náisiúnach sa toghcheantar seo fós.

Thursday 1 March 2007

Cuirtear múineadh ar na craoltóirí

Níl ach lá le dul go dtí an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí ón bpobal faoi Acht na Gaeilge thuaidh, agus moltar do gach léitheoir aischothú a chur ar fáil faoin gcáipéis in am - agus moladh dá chairde amhlaidh a dhéanamh.
Ní minic a fhaightear deis den sórt seo - ionchur a bheith againn i múnlú reachtaíochta chomh stairiúil is chomh tábhachtach is atá Acht na Gaeilge.
Mar atá ráite roimhe seo sa nuachtán seo, is é an fáth go bhfuil a leithéid de reachtaíocht tábhachtach go bhféadfadh sé a bheith ina crann taca do phobal na Gaeilge is é ag lorg seirbhísí ó na húdaráis, seirbhísí a chuideoidh leis ó lá go lá a saol a chaitheamh i nGaeilge.
Tá bearnaí suntasacha sa phlécháipéis a d’eisigh an Roinn Cultúir, Ealaíón is Fóillíochta (RCEF), nó ní chuireann sé san áireamh an craolachán, mar shampla.
Dá mbeadh dualgas reachtúil ar chraoltóirí seirbhísí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, is cinnte go mbeadh próifíl i bhfad níos airde ag an teanga i measc an phobail, thuaidh.
Mar atá sé, déanann na húdaráís iarracht a chur in iúl, ar iliomad bealaí éagsúla, gur teanga faoi thalamh í an Ghaeilge, nach labhraítear í ach chun cur as do na húdaráis. Ní hé sin mar atá, agus léiríodh sin go soiléir Dé Sathairn seo caite le hollléirsiú ar shráideanna Bhéal Feirste.
Léirigh an BBC, an príomhchraoltóir thuaidh, agus ná ligtear dearmad ar fhaillí RTÉ ach an oiread, an fuacht seo trína faillí nó ní dhearna siad aon tuairisc ar an mhórimeacht ar na príomhchláir nuachta. Beag an plé atá déanta ach an oiread ar Acht na Gaeilge ar phríomhchláir an stáisiúin.
Má theastaíonn uait múineadh a chur ar an BBC is ar na húdaráis, tapaigh do dheis agus seol aighneacht faoi Acht na Gaeilge chuig RCEF roimh an Aoine.