Monday 26 February 2007

Lá stairiúil ar shráideanna Bhéal Feirste

Léiriú ar mhisneach is ar neart phobal na Gaeilge an mórshiúl a rinne na mílte cainteoirí is tacaithe chuig lár Bhéal Feirste Dé Sathairn, an chéad mhórshiul dá leithéid riamh i stair na cathrach.
Chuir siad in iúl lena gcoiscéimeanna cinniúnacha is stairiúla go raibh éileamh neamhbhalbh ann ar son Acht Gaeilge thuaidh, éileamh nach féidir leis na h-údaráis neamhiontas a dhéanamh de.
Tá go dtí an Aoine ann anois le haighneachtaí a sheoladh chuig an Roinn Cultúr, Ealaín is Fóillíochta agus mholfaimis dár léitheoirí ar fad litir, cárta poist nó cáipéis de shórt ar bith a ullmhú agus a sheoladh ar aghaidh roimh an spriocdáta.
Tá a fhios againn i dtéarmaí ginearálta céard atá de dhíth. Reachtaíocht a bheidh ina chrann taca don té atá ag iarraidh a shaol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge. Seirbhísí atá uainn. Aitheantas d'ár dteanga is dár gcultúr a léiríonn go bhfuil áit chothrom is chóir againn sa tsochaí seo.
Níl aon rud á éileamh ag pobal na Gaeilge ach bunchearta is comhlíonadh geallúintí is ceangal i gcomhaontuithe idirnáisiúnta roimhe seo.
I 1998 tugadh geallúintí i gComhaontú Aoine an Chéasta maidir le háit larnach a thabhairt don Ghaeilge sa saol poiblí thuaidh - ach ní raibh na h-údaráis thuaidh inchurtha leis an ndúshlán agus loic siad ar an ngeallúint a rinne Rialtas na Breataine.
Go dtí seo, níl an páirtí eile san aontú sin, Rialtas na hÉireann, tar éis an brú cuí a chur ar Rialtas na Breataine an gheallúint sin a chomhlíonadh le croí mór maith.
I gComhaontú Chill Rímhinn, gheall Rialtas na Breataine go reachtófaí Acht Gaeilge. Más amhlaidh go dteipeann ar Rialtas na Breataine seo a dhéanamh, tríd an fhaillí ligean don reachtaíocht filleadh go Stormont le go gcuirfeadh aondachtaithe scian leis, ba cheart do Rialtas na hÉireann níos mó a dhéanamh ná míshásamh a chur in iúl. Tá beart de réir briathair de dhíth.
Go leor déanta, go leor fós le déanamh.

No comments: