Thursday 15 February 2007

Séanadh úrghnach an Rialtais

Tá sé ráite ag an ngníomhaí frithchogaidh Edward Horgan go bhfuil “díomá” air faoin bhealach a ritheadh rún ag Parlaimint na hEorpa ag cáineadh na tíre seo agus rialtas eile ar fud an Aontais as cuidiú le ‘seachadadh úrghnach’ SAM.
Cé gur dhearbhaigh an rún seo, a ghlac le tuairisc a rinne scagadh ar fhianaise faoi eitiltí amhrasacha ag Aerfort na Sionainne maille le haerfoirt eile ar fud na hEorpa, an méid a bhí le rá aige, ní raibh aon ríméad ar an iarcheannfort in Arm na hÉireann go raibh a Rialtas náirithe go poiblí mar seo.
Ag labhairt dó le Lá Nua tar éis an vóta 382/256 i bParlaimint na hEorpa inné, dúirt an tUasal Horgan, a thug ar ais boinn a bronnadh air de bharr a sheirbhíse san Arm de bharr nár réitigh sé le beartais an Rialtais, dúirt sé go raibh iontas air nach raibh binse fiosraithe á reachtáil ag an Oireachtas ar an cheist, mar a bhí á dhéanamh ag parlaimintí eile ar fud an Aontais.
“Tá Rialtas na hÉireann ag diúltú an fhírinne a fheiceáil agus ag diúltú aon fhiosrú a dhéanamh ar an gceist seo,” dúirt sé.
“Ar ndóigh tá an seachadadh úrghnach seo ag leanacht leis agus go fóill níl na Gardaí sásta fiú fiosruithe a dhéanamh faoi na líomhaintí atá á ndéanamh againn.
“In áit sin, táimse féin tar éis a bheith gafa as ucht grianghraif a ghlacadh de na heitiltí seo.”
Ag tabhairt freagra ar an dtuairisc a éisíodh inné, dúirt an tAire Ghnóthaí Eachtracha, Dermot Ahern, go raibh sé féin ‘díomách’ faoin tuairisc agus faoin vóta, ar ndóigh, i bParlaimint na hEorpa.
I ráiteas a d’eisigh sé, dúirt an tAire go raibh an tuairisc ar glacadh leis sa Pharlaimint róbhuartha faoi phointí pholaitiúla a ‘scóráil’.
Dúirt sé fosta go raibh áibhéil déanta ar an fhigiúr d’eitiltí amhrasacha a chuaigh trí Aerfort na Sionainne agus thagair sé arís eile don gheallúint a fuair sé ó údaráis Mheiriceá nach raibh an tír seo á húsaid le haghaidh eitiltí ‘seachadta urghnách’.
Dúirt an tUasal Horgan, áfach, mar fhreagra ar an méid a dúirt an tAire, go raibh taifead déanta ar na heitilti agus, go deimhin, go raibh tuilleadh eitiltí tarlaithe ó shin.

No comments: